Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Thiocfainn leis sin, dála an scéil. Tá an-tionchar ag na Gaelscoileanna ar a bhfuil ag tarlú sa pheil agus san iomáint chomh maith le chuile ní eile. Caithfidh mé rud éigin eile a rá ó thaobh an airgid de. Is cuimhin liom nuair a bhunaíodh TG4 don chéad uair. Dúirt rúnaí na Roinne liom go raibh an stáisiún le bunú agus mhínigh sé an scéal dom. Nuair a d'iarr me cén chaoi a raibh sé i gceist an stáisiún a airgeadú, dúirt sé liom go raibh sé le déanamh díreach ón Státchiste. Is cuimhin liom a rá leis an lá sin gur dearmad a bhí ann. Déarfadh éinne a bhí ag troid leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe nó an Roinne Airgeadais bliain i ndiaidh bliana - ag fanacht socair, mar a déarfá - go mb'fhearr leo go ndéanfaí an gnó seo ar mhodh éagsúil eile. Déarfaidís go bhfuil an t-ádh leis an dream atá ag brath ar an gceadúnas nach bhfuil siad ag brath ar an gcóras sin. Níor athruigh aon rud m'intinn ó shin.