Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 26 September 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)
5:00 pm
Mr. Alan Esslemont:
Táimid neodrach ar fhoinse an mhaoinithe i gcónaí. Tá plean réadúil airgeadais leagtha amach againn le haghaidh an stáisiún. Tá fís againn don stáisiún agus d'ár lucht féachána in Éirinn. Bíonn muid neodrach ar an gceist sin i gcónaí. Tá an cheist a d'ardaigh Pádhraic Ó Ciardha ardaithe againn ó thosaigh TG4. Níl sé éasca stáisiún teilifíse a phleanáil nuair atáimid ag dul ó bhliain go bliain. D'iarr Údarás Craolacháin na hÉireann orainn plean cúig bliana a chur ar fáil. Bheadh sé an-mhaith dá mbeadh a fhios againn go bhfuil buiséad le haghaidh cúig bliana aontaithe. Iarradh ceist maidir leis an nGaeilge i mBaile Átha Cliath. Is as Maigh Eo mo bhean. Ba mhaith liom an t-athrú atá tagtha ar staid na Gaeilge i mBaile Átha Cliath a mholadh. Tá rud éigin ag borradh. Tá iníon linn ag obair i nGaelscoil anseo. Táimid ag fáil scéalta uaithi. Bhí mé amuigh ar an bpáirc leis na cailíní Dé Domhnaigh seo caite. Chroith mé lámh leo agus dúirt mé "good luck - go n-éirí libh". Chas chuile Baile Átha Cliathach liom agus dúirt sí "go raibh maith agat". Tá rud suntasach ag tarlú i sochaí Bhaile Átha Cliath, a bhaineann le Cumann Lúthchleas Gael agus leis an nGaeilge, a thugann an-dóchas dom do thodhchaí na Gaeilge.
No comments