Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Bhí mise ar bhord an Rialtais. Is cuma an mbeidh an ceadúnas atá ann mar chuid den cháin mhaoine áitiúil, de na rátaí nó de cibé cén rud a chruthófar. I dtír ar nós an tír seo, má táimid ag iarraidh ár bhféiniúlacht féin a chosaint, creidim go mbeidh orainn mar Stát infheistíocht a dhéanamh. D'fhéadfaimís an t-airgead a fháil as cáin ioncaim, ach ní fheicim é sin ag tarlú. Ceapaim go dtarlóidh sé ar bhealach éigin eile. Cuirfidh mé figiúirí air. Má thógtar thart ar 50,000 áitreabh in aon bhliain, áiteanna gnó ina measc, agus dá mbeadh táille de €200 an cheann i gceist - tuigim go bhfuil sé beagáinín níos lú na sin - d'fhéadfaí €10 milliún a bhailiú. Dá mbeadh 10% de sin ag dul go TG4, mar shampla, bheadh €1 milliún i gceist. Ní bheadh ar TG4 an tsuim sin a iarraidh ó RTE fad is atá an ceadúnas ann. Ní fheicim córas éigin de cheadúnas ag imeacht go ceann i bhfad. B'fhéidir gur táille tí a bheidh ann. Mar a deirtear, "been there, done that, seen that". Creidim go bhfuil buntáiste mór leis sin, seachas bheith ag plé leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chuile bhliain maidir le ceist an bhoilscithe sular féidir tosú breis airgid a lorg. Is é seo an t-am leis an athrú a dhéanamh. Beidh borradh mór ar thógáil as seo go ceann cúig, sé nó seacht mbliana. Is é an t-am nuair atáimid in íochtar an t-am le fáil isteach ar an roundabout sin. Dá mbeadh Baill an Oireachtais ag troid ar a shon sin, an mbeadh TG4 in aghaidh a leithéid de chur chuige? An bhfuil aon mhórchúis nach bhfeileadh sé?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.