Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Mr. Pádhraic Ó Ciardha:

Is ea. Déanann an tAire é le toil an Oireachtais. Tá go leor cruinnithe agus go leor seimineáir faoin cheist seo reáchtáilte le bliain anuas. Is ceist Eorpach agus domhanda í an bealach is fearr le maoiniú a dhéanamh. Is é an rud is tábhachtaí dúinn mar chraoltóir, ag an bpointe seo inár stair, ná go mbeadh maioiniú sásúil ilbhliana ar fáil dúinn. Silim go bhfuil ceist na hilbhliana an-tábhachtach. Muna bhfuil tuairim éigin againn ar cé mhéad airgid atá i ndán dúinn amach anseo, ní bheimid in ann pleanáil ó bhliain go bliain agus beimid ag maireachtáil ón lámh go dtí an béal. Tá siad ann a deir go dtiocfaidh an lá nuair nach mbeidh a leithéid de rud ann agus ceadúnas teilifíse. Tá chuile dhuine sa seomra seo in ann teacht ar chuile sheirbhís craolacháin dá bhfuil ar fáil gan teilifís a bheith ina sheilbh nó ina seilbh. Muna bhfuil teilifís ag duine, níl aon riachtanas air nó uirthi ceadúnas a íoc. Tá bealaí eile le teacht ar na seirbhísí craolacháin. Le lomchlár na fírinne a insint leis an gcoiste, sílim go bhfuil maoiniú sásúil níos tabhachtaí na an mheicníocht faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.