Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Ms Lís Ní Dhálaigh:

Go bunúsach, tá cearta 32-chontae againn i dtaobh aon chlár atá ar TG4. Is cuma má tá an clár ceannaithe nó déanta againn féin. Tá sé de cheart againn na cláracha ar fad atá againn a chraoladh ar fud na Tríocha-dó Chontae. Bíonn fadhb ann nuair a deireann IP address an breathnóir go bhfuil sé nó sí cláraithe sa Bhreatain, más maith leat. Aithníonn nó ceapann an ríomhaire go bhfuil an duine sin sa Bhreatain. Tá bealach againn timpeall ar sin. Is féidir le daoine íoslódáil a dhéanamh ar an aip atá againn ar iOS. Má tá location services ar siúl acu ar an aip sin, ní bheidh fadhb acu. Níl aip Android againn faoi láthair, ach táimid ag obair air. Tá súil againn go mbeidh a leithéid d'aip ar fáil go luath an bhliain seo chugainn. Tá dhá rud i gceist go bunúsach. Ar an gcéad dul síos, caithfidh daoine atá ar an ríomhaire a chinntiú go bhfuil an IP address atá acu cláraithe in Éirinn, ionas go n-aithneofar go bhfuil siad in Éirinn. Ar an dara dul síos, caithfidh úsáideoirí an aip a chinntiú go bhfuil location services ar siúl acu, ionas go n-aithneofar go huathoibríoch go bhfuil siad i mBéal Feirste, i gCiarraí nó i Loch Garman seachas sa bhFrainc.