Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Mr. Alan Esslemont:

Mar Bhriotanach, tá a fhios agam go mbeidh impleachtaí móra ag an mBreatimeacht don todhchaí. Caithfimid iad a oibriú amach. Nil sé soiléir go fóill cén sórt Breatimeacht a bheidh i gceist. Leagfaidh me amach an straitéis a bheidh ag TG4 ag dul ar aghaidh. Tugann muid "TG4 gach áit" air. Tá baol ann leis an saol digiteach seo, go háirithe i gcás daoine nach bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach den tsochaí acu, go dtarlóidh "personalisation out" don teanga. Tá an aimsiú sa Tuaisceart i bhfad níos lú ná mar atá sé sa Dheisceart. Tá obair le déanamh ansin. Táimid ag labhairt le RTE faoi láthair. Ba mhaith linn bheith i ngach áit ina bhfuil daoine ag breathnú ar fís. Chomh maith leis an ardán atá againn trí sheinnteoir TG4, ba mhaith linn go mbeadh spás "branded" ag TG4 ar sheinnteoir RTE. Ar an mbealach céanna, mar a thuigfidh an Seanadóir, nuair atá daoine ag lorg video on demand, VOD, sa Tuaisceart, go hiondúil déanann siad iarracht breathnú ar an BBC iPlayer. Tá spás "branded" ag BBC Alba, nach seirbhís de chuid an BBC é go hiomlán, ar an BBC iPlayer. Tá spás "branded" ag S4C, nach seirbhís de chuid an BBC é ar chor ar bith, ar an BBC iPlayer. Feictear domsa gur cheart go mbeadh spás "branded" ar fáil do TG4 le haghaidh roinnt ábhair.

Tá obair le déanamh maidir le héascaíocht freisin. Bhí mé i mBéal Feirste go minic ó thosaigh mé sa phost seo chun buaileadh le comhalachtaí éagsúla ar nós Northern Ireland Screen. Nuair a bhí mé ag fanacht in hóstáin difriúla, bhí go leor deacrachtaí agam teacht ar TG4. Feictear liom go bhfuil obair le déanamh ansin, obair atá parked, go pointe, faoi láthair. B'fhéidir go dtugann an Breatimeacht deis dúinn breathnú ar an gceist seo agus oibriú amach an bhfuil an tseirbhís céanna de chuid TG4 atá ar fáil sna Fiche-sé Chontae ar fáil, nó ar fáil go héasca, sna Sé Chontae. Bheadh an-fhonn orm an cheist sin a phlé. Tá caidreamh láidir idir muidne agus an BBC ar aon nós. Táimid ag comhoibriú ar go leor bealaí. Ba mhaith liom go bhféadfadh muid leanacht leis an gcomhoibriú leis an BBC. Tugann an BBC deis dúinn freastal ar an diaspóra sa Bhreatain freisin. Is cuma céard a tharlóidh leis an mBreatimeacht, beidh diaspóra sa Bhreatain fós. Tá sé mar chuid den dualgas atá ag TG4 freastal ar an diaspóra sin. B'fhéidir go bhfuil rud éigin le rá ag Ms Ní Dhálaigh faoi na hábhair seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.