Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim mo leithscéal mar go raibh mé gafa ag cruinniú eile thuas staighre. Gabhaim leithscéal fosta ar son mo chomhghleacaí, an Seanadóir Ó Clochartaigh, nach bhfuil in ann freastal ar an gcruinniú seo. Tá sé leis an rúnaí ón Chatalóin.

Ba mhaith liom i dtús báire cúpla pointe gairid a dhéanamh faoi TG4. Is é ceann de na buntáistí is mó a théann le TG4, i gcomparáid le seirbhísí meáin agus teilifíse áirithe eile, ná go n-oibríonn sé ar bhonn náisiunta. Tá mé ag caint faoin tseirbhís a thugann TG4 do Ghaeilge ar fud na tíre agus faoin meon agus an dearcadh atá ag an stáisiún. Nuair a bhreathnaímid ar "Nuacht TG4", is féidir linn Áine Ní Ghallchóir a fheiceáil ag seasamh taobh amuigh de Chaisleán Stormont nó Halla na Cathrach i mBéal Feirste. Sílim go bhfuil sé sin thar a bheith tábhachtach, go háirithe ag an bpointe seo nuair atá an nasc nó an daingniú Thuaidh-Theas atá feicthe againn le blianta beaga anuas faoi bhagairt ag an Breatimeacht.

D'fhéadfainn a lán rudaí deasa - plámás, b'fhédir - a rá faoi TG4, go háirithe i dtaobh na cláir faisnéise ar TG4. Tá an tseirbhís a chuireann TG4 ar fáil do Ghaeil óg thar a bheith tábhachtach freisin. Tá sé ar an leibhéal céanna leis an stuif a chloisimid ó Choláiste Lurgan agus an Dream Dearg. Tá an brí sin chomh soiléir i measc Gaeil óga na tíre. Tá seans ann go bhfuil an cheist atá agam ó thaobh na Breatimeachta míchothrom. An bhfuil taighde nó pleanáil ar bith déanta ag TG4 maidir leis an tionchar a bheidh ag an mBreatimeacht ar sheirbhísí craoltóireachta don oileán ina iomlán? An bhfuil seans ar bith ann go mbeidh drochthionchar ag an mBreatimeacht ar an tseirbhís? Faoi láthair, is é an t-aon dóigh gur féidir linn TG4 a fháil, agus RTE, don chuid is mó, ná ar bhonn digiteach. Beidh impleachtaí ag an mBreatimeacht amuigh ansin.

B'fhéidir gur féidir leis na hoifigigh ó TG4 amharc ar cheist eile sa chomhthéacs seo. Cé go bhfuil seirbhís den chéad scoth á chur ar fáil ag TG4 tríd an teilifís, tá fadhbanna ag baint leis an tseirbhís ar-líne, nó an cineál iPlayer atá ag TG4. Nuair atá daoine sna Sé Chontae ag iarraidh dul siar chun sult a bhaint as na cláracha teilifíse den chéad scoth atá craolta ag TG4, deirtear leo nach bhfuil an tseirbhís ar fáil sa tír nó rud éigin millteanach mar sin. Dúirt mo chara liom le déanaí gur dhein sé iarracht clár páistí a chur ar a táibléad nuair a bhí a leanbh ag cur isteach air maidin Sathairn amháin, ach ar an drochuair ní raibh sé in ann é sin a dhéanamh tríd an tseirbhís Idirlíne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.