Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Mr. Alan Esslemont:

Le hais cláracha eile spóirt ar TG4, clár iontach a bhí ann. Molaim na daoine a rinne an cur i láthair agus na léiritheoirí. Ní raibh lucht féachana mór ag an gclár, ach ní hé sin an fáth gur stop muid é. I mbliana, nuair a bhí go leor díospóireachta faoin gclár, níor tháinig méadú ar líon na mbreathnóirí - chuaigh sé an bealach eile. Tá daoine ag iarraidh breathnú ar chláracha spóirt TG4. Nuair atá cluichí á gcraoladh againn, cuireann muid na láithreoirí amuigh ar an bpáirc. Feictear go leor daoine ar stáisiúin eile istigh i stiúideonna. Is cuma má tá sé ag cur báistí nó má tá sneachta ann, cuireann TG4 a gcuid daoine amuigh ar an bpáirc. Táimid ag iarraidh bheith i lár an aicsean. Feictear dom gurb é sin stíl "súil eile" TG4. Is léir gurb é sin an rud atá an lucht féachana ag iarraidh.