Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Mr. Pádhraic Ó Ciardha:

Fad is atá an t-ardstiúrthóir ag tarraingt anáil, ba mhaith liom freagra a thabhairt ar an gceist a cuireadh faoi chúrsaí maoinithe. Sílim go bhfuil rud amháin eile tábhachtach le rá faoin aiseolas ón lucht féachana. Ní dóigh liom go bhfuil aon institiúid Gaeilge a bunaíodh le mo linn a mbraitheann an pobal oiread úinéareachta air is a mbraitheann siad ar TG4. Tá tuairim maidir le TG4 ag chuile dhuine a bhfuil blaiseadh den teanga aige nó aici. Bíonn dea-thuairimí acu go minic, ach déanann siad cáineadh uaireanta. Buaileann an fón s'againne go minic nuair a ghlaonn an pobal orainn. Seolann siad ríomhphoist chugainn agus bíonn siad i dteagmháil linn ar na meáin shóisialta. Deireann said "ní maith liom é sin", "is maith liom é sin", "cén fáth go bhfuil an fear sin ar an teilifís?" nó "ní maith liom an bhean sin ag caint ar an teilifís". Tá méar ar chuisle ag craoltóir beag mar TG4. Cé go bhfuil na córais ar nós Nielsen agus TAM úsáideach, dá mbeimid ag dul ar strae - cinnte, dá mbeadh an chothromaíocht ag imeacht ó phobal na Gaeilge - is maith linn a cheapadh go mbeadh a fhios againn faoi sula mbeadh aon saineolaí tar éis é a rá linn. Silím go bhfuil sé seo tábhachtach. Is rud é seo atá i seilbh an phobail. Is le gean agus le mórtas a fhaigheann siad locht air go minic, agus is le gean agus le mórtas a mholann siad é freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.