Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is cuimhin liom daoine ag rá go mbreathnaíonn siad ar na westerns nuair a bhíonn siad ar TG4. Tá sé sin thar cionn agus tuigim gur rud dearfach é. Tharla rud greannmhar dom lá amháin. Bhí mé ar Nuacht TG4. Mar a tharla, bhí mé ag caint le haontachtóir láidir sa Tuaisceart an lá dar gcionn agus dúirt sé gur chonaic sé mé ar an teilifís an oíche roimhe. Dúirt mé nach raibh sé in ann mé a fheiceáil ar an teilifís. Ní raibh mé ar aon teilifís inné ach ar TG4. Dúirt sé gur chonaic sé mé ar TG4. Chas mé leis i ndiadh sin agus chuir mé ceist air, cén fáth a raibh sé ag breathnú ar TG4? Dúirt sé go mbíonn sé ag breathnú ar na westerns. So tuigim an rúd atá Mr. Esslemont ag rá go pointe, ach an bhfuil aon chruthúnas ann, má thosaíonn an dream gan Gaeilge ar bith ag breathnú ar rudaí mar sin, go dtosaíonn siad ag breathnú ar chláir dhátheangach? An dtosaíonn siad ag breathnú ar-----