Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Mr. Alan Esslemont:

Maidir leis an chuid is mó den ábhar Béarla, níl ann ach na scannáin agus roinnt sraitheanna. Osclaíonn sé sin doras do dhaoine nach chuimhníonn ar an nGaeilge ar chor ar bith ach a bhfuil a fhios acu go bhfuil roinnt rudaí ansin acu as Béarla. An rogha eile ná an chaoi ina n-oibríonn S4C. Oibríonn S4C ar rud a dtugaim straitéis "single pole" air. Tá sé ag díriú go hiomlán, dar leis fein, ar daoine a labhraíonn Breatnais. Má bhreathnaítear ar na huimhreacha féachana, áfach, ní thagann daoine gan Breatnaise in aice le S4C. Maidir le daoine le Breatnais, cainteoirí líofa Breatnaise, is é an aimsiú seachtainiúil de chainteoirí líofa Breatnaise ag S4C faoi bhun 30%. Tá TG4 ag 92%. Tá baol ann nuair a dhúntar doras, go háirithe sa tsochaí seo. Tá an tsochaí seo athraithe go hiomlán, tá go leor daoine tagtha sa tsochaí nach bhfuil aon cómhrá Gaelach acu, ach b'fhéidir go dtiocfaidís chugainn mar gheall ar "Breaking Bad" agus ansin go bhfaighidís amach rud eile. Feictear domsa go léiríonn an straitéis atá ag S4C baol an-mhór do straitéis TG4.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.