Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Bíonn rudaí dátheangacha ag TG4. Cé mhéad de sin atá i nGaeilge agus cé mhéad de sin atá i mBéarla amháin, rudaí a cheannaíonn TG4 go tráchtúil just le ham a líonadh? Cé mhéad maoinithe breise a caithfidh a bheith ag TG4 le go bhféadfadh sé an lá a líonadh le stuif atá déanta do TG4 a cheannaítear ar mhaithe le craoladh den 4 milliún duine sin? Cláir i nGaeilge atá i gceist agam, rudaí ar nós na documentaries ina mbíonn giotaí Béarla agus giotaí Gaeilge san áireamh. Cé mhéad a chosnódh sé?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.