Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

7:25 pm

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Ó thaobh na cúrsaí pá a rinne an Teachta tagairt dóibh, níl ach 1% de bhuiséad iomlán RTÉ i gceist agus tá laghdú de 40% tagtha ar na léibhéil phá sin le blianta beaga anuas. Luaigh an Teachta seirbhísí craoltóireachta eile. Taitneoidís le daoine éigin agus ní taitneoidís le daoine eile. Is cosúil gurb iad na tuarastail seo na rátaí iomaíochta sa tír seo. Má thógtar an deichniúr is mó íoctha i gcóras craoltóireachta na hÉireann tá cúigear acu ag obair do RTÉ. Tá seirbhísí eile ag íoc ardphá le talann freisin. Ní raibh ioncam tráchtála agus figiúirí á thabhairt isteach.