Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 11 July 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht
7:25 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Chuir rud a dúirt an tUasal Mac Con Iomaire cineál iontais orm. Dúirt sé go bhfuil brú airgid ar RTÉ. Is dóigh liom go mbeadh sé, agus go bhfuil sé, an-deacair ag an ngnáthphobal é sin a thuiscint maidir le heagraíocht atá in ann na céadta míle euro a íoc i dtuarastal le daoine in aghaidh na bliana - dhá oiread phá an Taoisigh mar shampla. I gcásanna b'fhéidir go bhfuil trí oiread phá an Taoisigh á íoc le daoine le suí ansin ag caint isteach i micreafón. Tá eagraisí eile sa tír ag craoladh agus faigheann siad lucht féachana agus lucht éisteachta ollmhór. Ní gá dóibh an cineal pá sin a íoc. An bhfuil aon mhíniú ar cén chaoi gur féidir a rá ar lámh amháin go gcaithfear na céadta míle a íoc le daoine agus ar an taobh eile den scéal a bheith ag déanamh an béal bocht maidir le cúrsaí airgid? B'fhéidir go bhfuil míniú ag an tUasal Mac Con Iomaire ar an scéal sin.
No comments