Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

7:25 pm

Mr. GearĂ³id Mac Donncha:

Ó thaobh Raidió na Gaeltachta tá an scéim IRP ann. Is cúis den scéim seo agus an reachtaíocht a ghabhann leis go gcuireadh airgead ar leataobh go gcaithfear é a chaitheamh ar an earnáil neamhspleách. Tá thart ar 6% den airgead sin socruithe le caitheamh ar an nGaeilge agus ar chláir ar Raidió na Gaeltachta. Is shampla de seo é "Bláthnaidh Libh", clár a bhíonn againn ar an Satharn. Tagann an clár sin ón earnáil neamhspleách. Is é sin sampla den airgead atá á chaitheamh ar an earnáil neamhspleách agus de chlár atá á chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Taobh amuigh dó sin tá an scéim fís agus fuaim, ar chuala an coiste trácht air níos luaithe, agus scéimeanna de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann, BAI. Tá roinnt coimisiún sabháilte againn d'iarrthóirí neamhspleácha agus iad i gcomhpháirt linn agus ag fáil airgead ón BAI le gur féidir leo a gcláir a dhéanamh. Ar mhaithe leis an scéim sin tá "Tuath Dé Danann" atá á chraoladh faoi láthair. Tá cúpla sraith againn ar Raidió na Gaeltachta a tagann as an gciste sin.