Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

7:25 pm

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Ag tabhairt san áireamh go bhfuilimid ag cur leis an tráchtaireacht Gaeilge ar chúrsaí peile agus iománaíochta - beimid ag clúdach ceithre cluiche eile leis i mbliana - agus ag tabhairt san áireamh go bhfuil níos mó clár againn ón earnáil neamhspleách ná mar a bhí san am atá caite, beidh ardú ag teacht ar an méid uaireanta roimh dheireadh na bliana. Nílim in ann figiúr cruinn a thabhairt don Seanadóir ach beidh mé in ann teacht ar ais ag an gcoiste le figiúr cruinn nuair a bheas sé sin agam go díreach.

Ó thaobh an céatadán a bhfaighimid ón earnáil neamhspleách de, tá céatadán leagtha amach don eagraíocht go reachtúil. Níl céatadán leagtha amach don Ghaeilge cé go bhfuil comhaontú ó thaobh an chóras Independent Radio Production, IRP, i leith chúrsaí raidió. Ní raibh sé de nós ag RTÉ san am roimhe seo mórán tairbhe a bhaint as scéimeanna ina bhféadfaí maoiniú a dheineadh ar chláir neamhspleácha, nó scéim an Irish Language Broadcasting Fund, ILBF, ó Thuaidh, nó an scéim fís agus fuaim, ach tá sé sin athraithe. Tá tiomantas faighte againn ó na seirbhísí teilifíse go ndéanfar sceidealú ar chláir i nGaeilge a thagann isteach tríd na scéimeanna seo. Tá toradh sin le feiceáil. Mar shampla bhí sraith Harry McGee le gairid ar chomhrialtais, sraith Dara Ó Cinnéide le gairid a bhí dírithe sa Ghaeltacht ó thaobh chúrsaí peile, agus tá sraith ag teacht aníos go gairid ag Dan O'Brien ar chúrsaí Chogadh na Talún agus mar sin de. Táimid ag baint tairbhe as na córais sin mar gheall go bhfuil tiomantas ann an sceidealú a dhéanamh, rud nach raibh ag tarlú roimhe seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.