Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 11 July 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht
7:15 pm
Mr. Rónán Mac Con Iomaire:
Déarfainn go bhfuil athrú suntasach ar an meon agus ar an gcur chuige i leith na Gaeilge in RTÉ le dhá bhliain anuas ó sheoladh a phlean Gaeilge. Ó thaobh an ghlacadh atá leis an nGaeilge a bheith mar chuid de chuile rud a dhéanaimid ar fud na seirbhíse, déarfainn go bhfuil an glacadh sin ann. Déarfainn go bhfuil an meon ina leith ann freisin.