Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 11 July 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht
7:15 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
An mbeadh an ceart agam go bhfuil sé faoin Rialtas athrú suntasach a chur ar dhearcadh RTÉ i leith na Gaeilge? An gcaithfimid é a dhéanamh go reachtúil? An bhfuil an ceart agam nach dtiocfaidh aon athrú ar an gcultúr taobh istigh muna bhfuil sé leagtha síos in reachtaíocht? Tá an tUasal Mac Con Iomaire ann scaitheamh anois. Tháinig sé aniar. An bhfuil an ceart agamsa má táimid ag iarraidh athrú is go reachtúil a chaithfear é a dhéanamh? Níl an toil taobh istigh de RTÉ aon rud suntasach a dhéanamh do phobal labhartha na Gaeilge.
No comments