Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceanncheathrú Fhoras na Gaeilge: Díospóireacht

5:25 pm

Mr. Seán Ó Coinn:

Tá plé ar siúl faoi láthair faoi cheathrú Gaeilge a dhéanamh de Shráid an Mhúraigh i mBaile Átha Cliath. Tá sé molta go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Foras na Gaeilge mar cheann de na heagraíochtaí a bheadh lonnaithe ansin. Tuigimid nach bhfuil ann faoi láthair ach moladh nach bhfuil cinnteacht ag baint leis. Má thagann an moladh seo chun cinn as seo go ceann roinnt blianta, agus má thacaíonn bord Fhoras na Gaeilge, na Ranna Rialtais agus an Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas leis, beidh sé indéanta ag Foras na Gaeilge idirbheartaíocht a dhéanamh chun an léas a bheidh againn ar oifigí Shráid Amiens a aistriú chuig tionóntaí eile gan dochar suntasach costais d'Fhoras na Gaeilge a dhéanamh. Bheimid ábalta athlonnú a dhéanamh sa chás sin. Mar a luaigh mo chomhghleacaí, beidh clásal scoir 15 bliain leis an léas a bheidh againn ar scor ar bith. Ós rud é go bhfuil achoimre ar chuid de na pointí déanta ag mo chomhghleacaí, ní rachfaidh mé ar aghaidh níos faide. Ní theastaíonn uaim níos mó ama a chur amú.