Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 11 July 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Ceanncheathrú Fhoras na Gaeilge: Díospóireacht
5:15 pm
Mr. Shane Ó hEidhin:
Mo leithscéal. Tá mé díreach ag leagan amach na fíricí i dtaca leis an margadh reatha cíosa i mBaile Átha Cliath mar chomhthéacs agus an ráta cíosa atá i gceist ar Shráid Amiens agus ar Chearnóg Mhuirfean. An ráta cíosa atá á éileamh i lár chathair Bhaile Átha Cliath i láthair na huaire ná €62.50 in aghaidh na troighe cearnaí. Tá sé sin bunaithe ar alt a bhí i nuachtán an tseachtain seo agus é sin bunaithe ar tuairisc de chuid CBRE faoi fhoirgnimh de grád A agus, go háirithe, i mBaile Átha Cliath 2 agus i mBaile Átha Cliath 4. Sin na fíricí atá ag Foras na Gaeilge. Tá Foras na Gaeilge faoi láthair ag íoc thart ar €17 in aghaidh na troighe cearnaí ar Chearnóg Mhuirfean. Tá sé sin bunaite ar chíos de €350,000 in aghaidh na bliana gan spásanna páirceála san áireamh. An ráta reatha margaidh atá á iarraidh ar oifigí eile i gCearnóg Mhuirfean ná €35 in aghaidh na troighe cearnaí. Tá sé sin bunaithe ar fhógra a bhí ar myhome.iear maidin. Bunaithe ar an ráta sin, dá mbeadh ráta an mhargaidh le híoc ag Foras na Gaeilge ar 7 Cearnóg Mhuirfean, bunaithe ar 20,000 troigh cearnach, is isteach is amach le €700,000 a bheadh i gceist. Sin an comhthéacs reatha.
Ar mhaithe le comhthéacs, tá tábla leagtha amach sa cháipéis atá ag an gcoiste anois a dhéanann comparáid leis an ráta cíosa atá i gceist ar Shráid Amiens. Ní féidir a bheith 100% cinnte faoi seo go dtí go mbogfar insteach san fhoirgneamh mar bheidh ath-thomhas le déanamh ar an achar leis an achar a chinntiú. Bunaithe ar na figiúirí reatha, áfach, is €33 in aghaidh na troighe cearnaí a bheadh i gceist agus cíos bliantúil isteach is amach le €600,000. Tá spásanna páirceála san áireamh ansin. Sin an comparáid idir an dá áit. An ráta a bheadh á híoc ar Shráid Amiens, tá sé chóir a bheith leath an ráta ar an margadh reatha. Is leathchostas an mhargaidh reatha atá ann.
Tá Oifig na nOibreacha Poiblí tar éis míniú d'Fhoras na Gaeilge gurb é an polasaí atá ag an oifig sin ná go mbeadh ráta an mhargaidh i bhfeidhm ar aon fhoirgneamh de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí seachas i gcásanna áirithe a bhaineann le Ranna Rialtais. Níl Foras na Gaeilge sa chás sin de réir mheamram airgeadais na heagraíochta. Mar sin, tá sé soiléir go mbeidh ráiteas reatha an mhargaidh i gceist as seo amach d'Fhoras na Gaeilge, bíodh sé le tiarna talún príobháideach nó le hOifig na nOibreacha Poiblí.
Anois tabharfaidh mé na sonraí maidir leis na hoifigí ar Sráid Amiens. Mar a dúirt mé, bunaithe ar chíos bliantúil de €33 an troigh chearnach, is cíos de €554,000 in aghaidh na bliana a bheidh i gceist. Tá sé i gceist léas 30 bliain a shíniú le clásal scoir tar éis15 bliain. Bheadh 15 spás páirceála ar €2,500 an ceann i gceist leis. Sin €37,500 ar áiteanna páirceála. Mar chomhthéacs, an ráta reatha sa mhargadh faoi láthair ná isteach is amach le €4,000 ar an spás páirceála sa chathair. Arís, isteach is amach le leath phraghas an mhargaidh atá á moladh. Is féidir an t-ardú cíosa atá i gceist anseo, i gcomparáid leis an costas reatha atá ar Fhoras na Gaeilge, a láimhseáil taobh istigh den bhuiséad corparáideach gan drochthionchar a imirt ar bhuiséad deontais don phobal trí shábháil ar chostais eile. Baineann sé seo le héifeacht foirgneamh de chuid grád A, go háirithe sábháil i dtéarmaí solais agus teasa, sábháil ar pháirceáil, mar a luaigh mé, agus sábháil ar stóráil. Baineann sé sin go háirithe le hathlonnú áis amach ó lár na cathrach - áit a bhfuil costas ardcíosa - chuig trádstóras taobh amuigh de lár na cathrach, áit a mbeidh sé i bhfad níos éifeachtaí ó thaobh costas de.
Is ceannáras aon fhoirgnimh i lár chathair Bhaile Átha Cliath a bheidh i gceist leis an bhfoirgneamh ar Shráid Amiens, rud atá thar a bheith deacair agus dúshlánach a aimsiú na laethanta seo. Is ceannáras buan, fadtéarmach a bheidh i gceist. Mar a luaigh mé, tá sé i gceist léas 30 bliain a shíniú le clásal scoir tar éis 15 bliain. Tá sé éasca teacht ar na mórmhódhanna iompair ag an láthair sin. Tá gach mórmhódh iompair a bhaineann le Baile Átha Cliath ansin ar fáil ann, ina measc an DART, na línte Luas glas agus dearg, Bus Átha Cliath, Bus Éireann, tacsaithe agus seirbhísí traenach. Tá Stáisiún Uí Chonghaile 200 m ón láthair. Níl áit níos fearr i mBaile Átha Cliath ó thaobh modhanna iompair ná an láthair seo.
Beidh dóthain spáis ann chun foireann iomlán Bhaile Átha Cliath a thógáil le chéile agus spás breise do bhaill foirne ó oifigí eile - tá seacht oifigí ag Foras na Gaeilge timpeall na tíre agus iad, ina measc, i nGaoth Dóbhair, i Ráth Chairn agus i mBéal Feirste, nó fostaithe nua dá mbeadh siad ar fáil dúinn. Is cinnte go bhfuil ganntanas ansin. Is foirgneamh nua-aimseartha a bheidh ann a chuirfidh le stádas Fhoras na Gaeilge agus le stádas na Gaeilge agus muid ag freastal ar an bpobal agus mar fhostóir chomh maith, rud atá tábhachtach. Le foirgneamh de chuid grád A, beidh caighdéan inslithe, teasa, solais agus theicneolaíocht na cumarsáide den chaighdeán is airde agus costais reatha níos ísle ar Fhoras na Gaeilge dá bharr a dhéanfaidh cúiteamh ar na costais níos airde cíosa agus a bheidh ag teacht leis an reachtaíocht chuí Rialtais a bhaineann le foirgneamh grád A a bheith ar fáil. Pointe thar a bheith tábhachtach dúinn mar eagraíocht ná go mbeidh rochtain cheart do dhaoine le míchumas siúil. Tá dualgas reachtúil agus mórálta ar Fhoras na Gaeilge i dtaca leis seo a chur ar fáil. Beidh na caighdeáin is airde i gceist leis an gceannáras nua. Ní bheidh infheistíocht mhór caipitil ó Fhoras na Gaeilge nó ón gciste poiblí agus muid ag bogadh. Tá deis curtha ar fáil dúinn tionchar a imirt ar leagan amach agus dearadh an fhoirgnimh ionas go mbeidh sé ag teacht mar is ceart le riachtanais na heagraíochta, rud nach mbíonn ar fáil de ghnáth. De ghnáth, faightear oifig mar atá agus glactar leis. Bhí an deis anseo tionchar a imirt.
Beidh spás stórais do gach cuid de chartlann Fhoras na Gaeilge ar fáil ar Shráid Amiens, go háirithe ábhair stairiúla tábhachtacha a bhaineann le Foclóir Gaeilge-Béarla agus ábhair eile stairiúla ag dul siar chuig na 1920dí agus na 1930dí. Beidh ráta cíosa iomaíoch ag Foras na Gaeilge anseo i gcomparáid le foirgneamh grád A eile i lár na cathrach. Mar a luaigh mé níos luaithe, chóir a bheith leathphraghas an mhargaidh a bheidh á híoc. Is é sin €33 an troigh chearnach i gcomparáid le €62 an troigh chearnach in áiteanna eile sa chathair. Tá samplaí eile cloiste againn le déanaí, san áireamh na bainc mhóra ar nós Barclays, Amazon agus Facebook atá ag íoc na praghasanna sin i lár na cathrach.
Beidh oifigí á chur ar fail freisin do Raidió na Life, atá lonnaithe i gCearnóg Mhuirfean i láthair na huaire. Bhí sé thar a bheith tábhachtach go raibh an féidearthacht sin ann an stáisiún a thógáil linn le go mbeidh sé in ann maireachtáil.
Beidh 15 spás páirceála ar an láthair i gcarrchlós sábháilte atá faoi ghlas agus ag ráta iomaíoch. Sin €2,500 in aghaidh an spáis. Is é €4,000 an ráta mhargaidh faoi láthair. Arís, sin chóir a bheith leath an phraghais. Beidh spás agus áiseanna cuí le rothair a chur faoi ghlas agus faoi dhíon a thabharfaidh spreagadh d'fhostaithe agus do chuairteoirí a bheith ag rothaíocht chuig an áit. Beidh cithfholcadán d'ardchaighdeán ann le seomra feistis do bhaill foirne a bhíonn ag rothaíocht. Freisin, beidh líon seomra cruinnithe ceart ann le freastal ar riachtanais oibre mar is cheart.
D'fhéadfainn cur leis an liosta sin ach is dócha go bhfeiceann an coiste a chuimsithí is atá na riachtanais sásaithe leis an rogha seo.
Ba mhaith liom pointe scoir a dhéanamh maidir leis an Áisíneacht Dáiliúchán Leabhar, nó ÁIS, de chuid Fhoras na Gaeilge. Mar chuid den athlonnú, tá sé i gceist ÁIS a bhogadh taobh amuigh de lár na cathrach chuig trádstóras, rud a bheadh i bhfad níos éifeachtaí ó thaobh costais agus ó thaobh an ghnó a bhíonn ar siúl ag ÁIS, sé sin, seachadadh leabhar. Níl sé éifeachtach bheith ag iarraidh leoraithe agus veaineanna a thiomáint isteach i lár na cathrach nuair atáimid ag iarraidh leabhair a sheachadadh ar fud na tíre. Déanfadh sé i bhfad níos mó céille dá mbeadh ÁIS lonnaithe ar an M50 nó in aice leis, ionas go mbeidís in ann an fheidhm atá acu a chomhlíonadh.
No comments