Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Scrúdú Cainte sa tSraith Shóisearach: An Roinn Oideachais agus Scileanna

6:05 pm

Mr. Gary Ó Donnchadha:

Is dócha go bhfuil an dá rud ann. Cinnte, is ullmhúchán an-tábhachtach ar fad an teastas shóisearach don obair shinsearach a bheidh ar siúl agus scoláirí ag bogadh ar aghaidh chuig an ardteist. An rud tábhachtach atá ann ná gur ceiliúradh atá ann. Is ceiliúradh é ar na cumais éagsúla atá ag daltaí don trí bliana sin. Ní teastas teoranta atá i gceist anseo. Teastas an-tarraingteach é ar fad agus beidh próifíl leathan an pháiste á céiliúradh ann. Is cinnte go dtabharfar grádanna agus na marcanna a thabharfaidh SEC ach, chomh maith leis sin, beidh áit an-tábhachtach ag an dalta chun a chumas sna CBAs a fheiscint.

Tá an-mhachnamh go deo curtha isteach i leagan amach na próifíle sin ionas gur rud é a mbeidh daltaí bródúil as agus a chabhróidh leo. Ní bheidh a gcumas béil faoi cheilt laistigh de ghrád amháin, abair uimhir idir 60 agus 70. Beidh áit ann féin ag cumas cainte an pháiste, an dalta nó an scoláire. Beidh sé sin an-soiléir i leagan amach a bheidh tarraingteach. Beidh siad in ann a bheith bródúil as. Tá sé sin an-tábhachtach. Chomh maith le sin, beidh deis ann suim an scoláire féin agus obair bhreise an scoláire féin sa Ghaeilge agus in ábhair eile a cheiliúradh i bpainéil faoi leith ar an teastas nó an phróifíl. Líonfaidh múinteoirí an píosa sin isteach le stiúir ón NCCA chun an pictiúir leathan sin a thabhairt nach raibh ann leis an sean-chóras.

Ag caint faoi conas mar a ritheann sé sin le tuairimí tuismitheoirí agus tuilleadh, is é sin mar a theastaíonn tuismitheoirí go n-oibreodh an tréimhse sin den oideachas ón gcéad bhliain go dtí an tríú bhliain ionas go mbeadh fás ann, nach mbeadh an iomarca brú ann agus go mbeadh an seans ann don duine óg na láidreachtaí a aimsiú dó nó di féin agus iad sin a thabhairt ar aghaidh go dtí an ardleibhéal. Is gnó an-tábhachtach é ag an mbunleibhéal íseal sóisearach seo go n-aimseodh an duine óg féin na láidreachtaí atá aige nó aici agus go dtugadh sé nó sí iad sin ar aghaidh. Bíonn sé an-soiléir ón bpróifíl leathan chuimsitheach seo nach bhfuilimid ag déileáil le figiúirí amháin. Beidh descriptors uilig á n-úsáid chun cumas an dalta féin a cheiliúradh agus beidh píosaí curtha isteach ag an scoil maidir leis an gcaoi a ghlac an dalta páirt i ngníomhaíochtaí na scoile, cosúil le club Gaelach, club díospóireachta agus araile.