Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Scrúdú Cainte sa tSraith Shóisearach: An Roinn Oideachais agus Scileanna

6:15 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá cúpla cheist eile a ritheann liom. An bhfuil mé ceart sa tuiscint atá agam gur sa tríú bhliain a dhéanfar an measúnú ó thaobh na Gaeilge de? An bhfuil cúis éigin nach bhfuil sé sin ar bun thar an trí bhliain? De réir mar a thuigim, tá na tascanna ranga ar fad sa tríú bhliain chomh maith. Nach ionann sin agus cuid de na hábhair eile? An bhfuil na finnéithe in ann míniú a thabhairt ar sin?

An raibh costas cigireachta ag baint leis an scrúdú béil mar a bhí agus an raibh ar an Roinn cigirí a chur amach? Cén costas a bhain leis sin agus cén sábháil atá ann don Roinn Oideachais agus Scileanna nuair a bheidh an measúnú á dhéanamh sa scoil féin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.