Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 27 June 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Scrúdú Cainte sa tSraith Shóisearach: An Roinn Oideachais agus Scileanna
6:15 pm
Dr. Harold Hislop:
Is féidir linn na ceisteanna sin a fhreagairt. Tá an ceart ag an Seanadóir go ndéanfar CBA1 agus CBA2 sa tríú bhliain. D'éirigh sé sin as na cainteanna a bhí idir an NCCA agus na múinteoirí roimh chur i bhfeidhm an tsiollabais. D'iarr roinnt mhúinteoirí ar an NCCA an féidir an CBA2, atá dírithe go hiomlán ar obair ó bhéal, a fhágáil go dtí deireadh an tríú bhliain nó chomh gar agus is féidir go deireadh bhliain a trí, ionas gur féidir cumas labhartha na ndaltaí a fhorbairt ar feadh trí bliana in ionad é a dhéanamh, mar shampla, ag tús bliain a dó. Ghlac an NCCA leis an dearcadh sin agus chuir sé an chomhairle ar an Roinn gur fiú é sin a dhéanamh. Is difríocht amháin é sin idir an Ghaeilge agus an Béarla. Déantar CBA1 i mbliain a dó agus CBA2 i mbliain a trí sa Bhéarla. Ag éirí as ceisteanna agus as dúil na múinteoirí Gaeilge, déanadh an t-athrú sin. Ó thaobh chostas de, ní dhearnamar cigireacht ar na béaltrialacha ag leibhéal an teastais shóisirigh ar chor ar bith. Mar sin, níl aon sábháil airgid le fáil.
No comments