Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

5:50 pm

Mr. Fergus Ó hÍr:

Taobh amuigh den Ghaeilge, táimid faoi láthair ag craoladh i bPolainnis. Tá seó amháin dátheangach sa Ghaeilge agus Spáinnis. Thar na blianta, bhí teangacha eile ag dul amach chomh maith. Chomh maith leis sin, cuireann muid ranganna Gaeilge amach dírithe ar theangacha áirithe. Chuireamar ranganna Gaeilge-Spáinnis, Gaeilge-Fraincis, Gaeilge-Polainnis agus araile amach. Shíl muid ag an tús go raibh muid ag cur rang Gaeilge amach do dhaoine le Polainnis. D'fhoghlaim muid go raibh muid ag cur rang Polainnis amach do Ghaeilgeoirí mar go raibh an dá dhream ag éisteacht agus ag foghlaim. Bhí sé sin an-mhaith. Bhí cineál spin-off ann nár smaoinigh muid fá dtaobh de. Tá sé sin ag dul ar aghaidh go rialta.

Maidir leis an diabhal 5 km, mar a dúirt mé, is riail Ofcom atá ann seachas rud atá dleathúil. Is féidir le Ofcom an riail sin a athrú más maith leo. Tá sé athraithe acu in Alban i gcuid de na hoileáin ansin mar gheall go bhfuil an pobal scartha. Táimidne ag déanamh an argóint céanna gur pobal scartha é pobal na Gaeilge sa Tuaisceart. Tá pobal i mBéal Feirste ar ndóigh, ach tá daoine taobh amuigh de Bhéal Feirste atá ag iarraidh an pobal a thógáil agus táimidne ag iarraidh freastal orthu siúd. Tá an argóint céanna ann. Táimid ag labhairt le Ofcom go leanúnach. Chuir siad próiseas comhairliúcháin amach thart ar sé mhí ó shin. Tháinig siad ar ais roinnt seachtaine ó shin ag rá go bhfuil siad sásta achomharc a dhéanamh an mbeimid ábalta craoladh giota beag níos faide. Ach, mar a dúirt mé, ní bheidh athrú suntasach ar an limistéar craolacháin. B'fhéidir go mbeidh muid ag craoladh cúpla míle níos faide ná mar atá muid ag craoladh faoi láthair, ach níl Ofcom chun ligean dúinn craoladh i gceantar mór den Tuaisceart. Is é sin an rud atá cuid mhaith daoine ag iarraidh. Rinneamar suirbhé cúpla bliain ó shin ar na grúpaí Gaeilge ar fud na Sé Chontae. Bhí 22 grúpa a tháinig ar ais ag rá go raibh siad ag iarraidh go mbeadh Raidió Fáilte le cluinsint sna ceantair s'acu siúd.