Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

5:40 pm

Mr. Muiris Ó Fiannachta:

Más féidir liom an pointe a dhéanamh, tá Raidió na Life mar bhall de Craol, an scáth-eagraíocht náisiúnta do na stáisiúin raidió pobail. Nuair a deirim náisiúnta, táim ag caint ar an bPoblacht. Tá breis agus 20 ball stáisiúin. Breathnaíonn muid i dtreo Raidió Pobail Chonamara agus a leithéid Near FM in iar-thuaisceart Bhaile Átha Cliath mar eiseamláir den chineál ruda a dhéanann raidió pobail. Bíonn éagsúlachtaí ann. Táimidne ag freastal ar phobal teanga áit go bhfuil na stáisiúin pobail eile ag freastal ar cheantair áitiúla ar leith. Ceann de na deacrachtaí a fheiceann muidne ó thaobh na gcistí maoinithe a oibríonn na stáisiúin seo leo ná go mbíonn siad dírithe go minic ar scéimeanna a bhaineann le daoine faoi mhí-bhuntáiste soceacnamaíochta a thabhairt ar ais chun na hoibre nó dírithe ar obair le hinimircigh. Tá grúpaí daoine mar sin nach bhfuil b'fhéidir an oiread sin ionadaithe acu i bpobal na Gaeilge, cé go bhfuil obair á dhéanamh ag Raidió na Life, aisteach go leor, le hinimircigh. Tá cúpla clár againn i dteangacha inimircigh.

Go ginearálta, ní oireann na critéir a bhaineann leis na scéimeanna sin dúinn. Lena gceart a thabhairt do na stáisiúin pobail eile, b'fhéidir go mbíonn siadsan ag breathnú orainne agus iad in éad ar an maoiniú atá ar fáil dúinn ó Fhoras na Gaeilge. Bíodh agus gur mhaith linne i gcónaí níos mó a fháil, deirimid i gcónaí go bhfuilimid buíoch as ucht an mhaoinithe sin ón bhforas.