Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D'iarr an Seanadóir orm an bhfuil mé ag breathnú ar na blianta amach romhainn i gcomhthéacs an ardú atá ag teastáil sa bhuiséad. Pléadh na pleananna teanga ag an gcoiste bainistíochta laistigh den Roinn. Tá an coiste sin, an Aire sinsearach agus an Ard-Runaí nua ar an eolas faoi na rudaí a chaithfimid a dhéanamh maidir le Acht na Gaeltachta. Tá dualgaisí ar mo Roinn ó thaobh na pleananna sin agus na costais a bhaineann leo. Pléadh na hábhair seo ag an gcoiste idir-rannach leis an Taoiseach agus le feidhmeannaigh ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá próiseas ann le chuile dhuine a chur ar an eolas go gcaithfimid dul i dtreo áirithe. Tá dualgas dlíthiúil orainn na pleananna seo a chur i bhfeidhm. Tá airgead ag teastáil chun é sin a dhéanamh. Tá gach éinne ar an eolas faoi sin.

Tá buiséad caipitil an údaráis pléite againn freisin. Táimid ag iarraidh dul i dtreo €12 milliún mar bhuiséad caipitil. Nuair a thagann breis airgid ar fáil laistigh den Roinn, beimid in ann breis airgid a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta. Bhíomar in ann é sin a dhéanamh i rith na bliana 2016 agus beimid in ann an méid ón bhliain sin a choimeád i mbliana. Fuaireamar €2.4 milliún sa bhreis sna Meastacháin Athbhreithnithe ag deireadh na bliana seo caite. Táimid ag dul sa treo sin. Táimid ag breathnú go fadtéarmach ar na rudaí sin.

Aontaím leis an Seanadóir go bhfuil an-obair á dhéanamh ag na naíonraí agus na naíolanna. Bhí mé sásta cuidiú leo arís an tseachtain seo caite. Bhí cruinniú ar maidin ag Aodhán Mac Cormaic agus Seán Mac Eoin le feidhmeannaigh ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige faoin bplean gníomhaíochta don luathoideachas. Tá na hábhair seo á bplé againn. Tá a fhios agam go bhfuil faitíos ar chuid de na comharchumainn maidir le cheist an phá, rud atá á phlé againn le oifigigh ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.

Dúirt mé go raibh fadhb ag PAS maidir leis an bpost mar phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta a líonadh. Tá a fhios agam de thoradh an ráitis a d'eisigh PAS nach bhfuil dóthain ama acu an próiseas earcaíochta don phríomhfheidhmeannach a dhéanamh. Rinne PAS an obair sin anuraidh nuair a bhí stiúrthóir Gaeilge á earcú. Bhí PAS in ann an obair cuí a dhéanamh ag an am sin, ach ní féidir leo é a dhéanamh faoi láthair ós rud é go bhfuil siad faoi bhrú.

D'iarr an Seanadóir orm cén céatadán de dhaoine le Gaeilge gur chóir go mbeadh i gceist sa phróiseas earcaíochta. Tuigim go bhfuil figiúr de 20% luaite ag Conradh na Gaeilge. B'fhéidir go mbeimid in ann breathnú ar a leithéid de sprioc nó aidhm. Leagfar na rudaí seo síos sna rialacháin in éineacht le Acht na dTeangacha Oifigiúla. An mbeidh dóthain daoine le Gaeilge líofa ar fáil? Is ceist eile í sin.

Mar is eol don Teachta, is í príomhaidhm Údarás na Gaeltachta ná fostaíocht a chruthú, mar shampla in earnáil na mara, earnáil na turasóireachta agus earnáil an bhia. In earnáil na Gaeilge, tá ról ag an údarás i scéimeanna Ranna ar nós scéim na foghlaimeoirí Gaeilge. Meallann an t-údarás go leor turasóirí go dtí an Ghaeltacht gach bliain. Tá na príomhearnáin ina bhfuil an t-údarás ag obair agus ag tabhairt tacaíochta don Ghaeltacht luaite agam. Tá a fhios agam go raibh pleananna anuraidh chun rudaí a athrú in Údarás na Gaeltachta i gcomhthéacs na Gaeilge.

Tá ról tábhachtach acu faoi láthair maidir leis na pleananna Gaeilge. Tá siad ag déanamh na hoibre sin. Taobh amuigh den Ghaeltacht, tá ról ag Foras na Gaeilge agus ba cheart obair tras-Teorann a fhágáil don fhoras. Tá an foras ag déanamh jab maith. Arís, bhíomar in ann breis airgid a chur ar fáil do Foras na Gaeilge i mbliana. Ó thaobh-----