Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá brón orm nach raibh mé anseo nuair a bhí an tAire Stáit ag tabhairt a aitheasc oscailte. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Sorcha de Brúch as ucht a ceapachán. Is dóigh liom gur thréaslaigh mé leis na fir eile nuair a bhíodar linn cheana. Tá súil agam go n-éireoidh go maith léi ina ról nua.

Is dócha go dtagann ceist an airgid isteach go láidir in aon cheann de na ceisteanna seo. Tuigim go bhfuil an tAire Stáit faoi bhrú. Tá an ceart aige gur gearradh na putóga as na buiséid a bhí ag leithéidí Údarás na Gaeltachta i rith na géarchéime sular tháinig an Rialtas seo i bhfeidhm. Le déanaí, chuir suas le 80 eagraíocht Gaeilge aighneacht os comhair gach páirtí, Fine Gael ina measc, ó thaobh maoiniú ilbhliantúil de €18 milliún in aghaidh na bliana. Ní bhfuair na heagraíochtaí an t-ardú a bhíodar ag súil leis i mbliana. An bhfuil sé i gceist go bhfaighfidh siad ardú buiséid amach anseo?

Tá comparáid déanta idir na chomharchumainn Gaeltachta agus na CDPs ar na hoileáin. Tá sé ráite go bhfuil airgead na CDPs níos airde. Caithfear breathnú ar an gcineál leatrom atá i gceist anseo. An bhfuil spriocanna ilbhliantúla, seachas buiséid bliain in aghaidh bliana, i gceist ó thaobh cúrsaí buiséid? An bhfuil an tAire Stáit ag lorg ardú ar bhuiséad Roinn na Gaeltachta de réir a chéile? Tá sé ráite ag an Rialtas go bhfuil casadh san eacnamaíocht agus go bhfuil an géarchéim thart. Cén treo atá i gceist ag an Aire Stáit? Cá bhfuilimid ag dul ó thaobh maoiniú na Roinne? Cén méadú ba chóir dúinn a bheith ag súil leis i mbliana, an bhliain seo chugainn agus an bhliain ina dhaidh sin ionas go mbainfear amach na spriocanna atá luaite ag an Aire Stáit? Tá ceisteanna eile a bhaineann le cúrsaí airgeadais ceangailte leis na ceisteanna sin. Tá pá an-íseal acu siúd atá páirteach i scéim na gcúntóirí teanga, lena raibh mé ag déileáil roinnt blianta ó shin. An bhfuil sé i gceist ardú a chur ar an tuarastal atá á íoc leis an dream atá bainteach leis an scéim sin?

An bhfuil aon déileáil ag an Aire Stáit leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus leis an Aire, an Teachta Zappone, ó thaobh na naíonraí agus na naíolanna? Tá an-obair ar bun sna háiseanna sin, ach tá géarchéim iontu nach mbaineann le cúrsaí Gaeilge amháin. Mar gheall go bhfuil an pá chomh híseal sna naíolanna, tá sé fíordheacair teacht ar dhaoine atá sásta oibriú iontu. Tá go leor acu éalaithe agus iad anois ag obair i scoileanna mar cúntóirí riachtanas speisialta. Tá sé an-deacair teacht ar bhainisteoirí sna naíolanna. Is í cheist an phá an bhuncheist sa chomhthéacs seo. An bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit ardú a thabhairt ó thaobh cúrsaí airgeadais de sna naíonraí agus na naíolanna?

Aontáim leis an méid atá ráite maidir le tacaíocht a thabhairt don mholadh i dtaobh scoláireachtaí breise ar na hoileáin. Tuigim an pointe atá déanta ag an Aire Stáit go mb'fhéidir go bhfuil deacrachtaí le tógáil san áireamh, ach mar bhunphrionsabal bhéinn ag tacú leis an mholadh ó thaobh na scoileanna oileánda go gcuirfear breis airgid ar fáil le haghaidh na scoláireachtaí.

Ag caint ar chúrsaí earcaíochta, ba léiriú an-suntasach é nuair a dúirt PAS nárbh fhéidir leo an córas ceapacháin le haghaidh príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta a bhainistiú. De réir mar a thuigim, láimhseáil siad cheana é. Céard atá tarlaithe? Céard atá mícheart? Má tá cúlú i gceist ar an méid a bhí á dhéanamh roimhe seo ó thaobh cúrsaí ceapacháin de, nach léiriú é sin i ndáiríre go bhfuil ag teip ar an straitéis 20 bliain ó thaobh na Státseirbhíse de?

An aontaíonn an tAire Stáit gur cheart dúinn céatadán áirithe a lorg ó thaobh an dream le Gaeilge nuair atá daoine á dtabhairt isteach sa Státchóras? Cén céatadán iontrála a bheadh i gceist, ina thuairim pearsanta? Is léir nach bhfuil leath a dhóthain daoine le Gaeilge sa Státchóras faoi láthair. Tá rud éigin an-aisteach ráite ag an Aire Stáit - dar leis, ní raibh daoine curtha isteach sna poist seo san am atá imithe thart. Ní ghlacaim leis sin. Níl a fhios agam an bhfuil aon fhianaise ann don smaoineamh sin. Más gá go mbeadh rialacha níos daingne i bhfeidhm sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe lena chinntiú go mbeidh Gaeilge ag níos mó daoine agus iad ag dul isteach sa Státchóras, cén sprioc a leagfaidh an tAire Stáit síos sa chomhthéacs sin?

Bhí tagairt níos luaithe d'Údarás na Gaeltachta agus cearta sibhialta, srl. Nuair a bhí daoine ag máirseáil ar son cearta sibhialta agus iad ag lorg údarás Gaeltachta, bhíodar ag iarraidh údarás a bheadh ag forbairt na Gaeltachta ar fad, ní hamháin díreach ó thaobh cúrsaí teanga ach freisin ó thaobh cúrsaí fostaíochta, oiliúna, cultúrtha agus sóisialta. Braithim go bhfuil cineál cúlú á dhéanamh ar cuid de na réimsí sin, agus go bhfuil daoine áirithe ag díriú anois ar údarás teanga Gaeltachta seachas údarás Gaeltachta.

Labhair an tAire Stáit faoin drochthréimhse eacnamaíochta a bhí ann le blianta beaga anuas, ach táthar ag rá anois go bhfuil rudaí athraithe agus ag bogadh ar aghaidh. Cá bhfeiceann an tAire Stáit an fostaíocht á chruthú sna ceantracha Gaeltachta? An bhfuil sé ag tabhairt treoir le hÚdarás na Gaeltachta a dhíriú? Cad atá a dhéanamh aige chun fostaíocht a chruthú i gceantar Iorras Aithneach, mar shampla? Céard faoi na ceantracha iargúlta eile, ar nós Ceantar na nOileán? An bhfuil treoir á thabhairt aige d'Údarás na Gaeltachta ó thaobh cén sórt poist atá sé ag iarraidh a chruthú? Cén tacaíocht airgid a bheidh ar fáil? Cé mhéad poist atá sé ag iarraidh a chruthú sna ceantair sin?

Tá fostaíocht le cailleadh in RTÉ. Tá 200 post le n-imeacht as RTÉ. An bhfuil aon comhráití ar bun idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt maidir leis an fhostaíocht sin? An gcinnteoidh sé go gcaomhnófar na poist atá in RTÉ ó thaobh na Gaeilge de, go háirithe i leithéidí Raidió na Gaeltachta? Tá súil agam nach mbeidh na poist sin mar íobairt nuair a bheidh slad a dhéanamh ar fhostaíocht in RTÉ.

Aontáim leis an Aire Stáit go bhfuil gá le coiste a dhéanfaidh machnamh ar chúrsaí iompair go hÁrainn agus go dtí na hoileáin eile. Cén dul chun cinn atá á dhéanamh ó thaobh an conradh farantóireachta go dtí na trí Oileáin Árann? An bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit cónascadh a dhéanamh arís idir na trí oiléain sa chéad tairiscint eile sa chaoi go mbeifear ag geallúint go mbeidh seirbhís ag dul go hInis Mór ar feadh na bliana?

Deirtear liom go bhfuil na cosa á dtarraingt maidir le Cé Inis Oírr. Tuigim go bhfuil an t-airgead ceadaithe ag an Aire Stáit agus go bhfuil sé ag suí sa chiste, ach nach bhfuil Comhairle Chontae na Gaillimhe ag bogadh ar aghaidh leis an obair a bhrú chun cinn. Nílimid ag iarraidh go mbeidh an t-airgead sin fós i kitty an Aire Stáit ag deireadh na bliana ionas go dtiocfadh sé ar ais go dtí an Státchiste. Cad atá á dhéanamh ag an Aire Stáit le déanamh cinnte de go mbrúfar an obair sin ar aghaidh?

An bhfuil an tAire Stáit i bhfábhar an moladh go mbeadh Roinn na Gaeltachta ábalta cúrsaí infreastruchtúr - bóithre, srl. - a mhaoiniú? Tuigim go bhfuil sé ráite ag an Aire Stáit nach bhfuil aon airgead aige i mbliana le haghaidh scéim na mbóithre áise. Dá mbeadh airgead ar fáil, an mbeadh an tAire Stáit sásta i bprionsabal go mbeadh a leithéid de scéim ann? An aontaíonn sé gur cheart go mbeadh ról ag Roinn na Gaeltachta ag tacú le forbairtí infreastruchtúir ar nós bóithre? Cá seasann sé ar an gceist sin?

Caithfidh mé a lua go bhfuil an-obair ar bun ag Tuisimitheoirí na Gaeltachta. Fáiltím roimh an tacaíocht a cuireadh ar fáil leis an ionad álainn a fhorbairt thiar ar an gCeathrú Rua. Níl aon airgead ag an eagraíocht le daoine a fhostú, áfach, agus foireann a chur ar fáil le cuir leis an obair atá ar bun acu. An bhfuil sé i gceist ag an Rialtas maoiniú breise a sholáthar?. Seachas bheith ag seanmóireacht trí ráiteas mór fada a dhéanamh, tá mé tar éis riar mhaith ceisteanna a chur. B'fhéidir go mbeidh riar mhaith freagraí le fáil ón Aire Stáit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.