Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl mé ag rá nach bhfuil an tAire Stáit go pearsanta ag déanamh a dhíchill. Is cinnte go bhfuil sé ag déanamh i bhfad níos fearr ná an beirt a chuaigh roimhe, ach ní hé sin an pointe. Luaigh sé ceist na hearcaíochta. Cén fáth nach ndearnadh an earcaíocht? Is ceist mhaith í sin. Is fadhb é go mbíonn Airí ag troid le Ranna éagsúla an t-am ar fad. Tharla sé sin fiú nuair a bhí mé mar Aire sinsearach. Ar ndóigh - ar nós mar a bhí na briogáid dóiteáin ag iarraidh an loscadh sléibhe a mhúchadh thuas i gCluais le cúpla seachtain anuas - ní ba thúisce go múchadh tine amháin ná go raibh tine eile lasta. Tháinig muid ar an tuairim nach n-éireódh le haon straitéis Rialtais mura bheadh an Taoiseach, seachas Aire ar bith, mar cheann foirne air ós rud go mbeadh Aire nó Aire Stáit bocht na Gaeltachta ag dul ó Roinn go Roinn an t-am uilig gan na hacmhainní daonna, nó pé acmhainní eile, leis na tinntí ar fad a múchadh. Dá bhrí sin, bhí straitéis ollmhór ag teastáil. Tá sé leagtha amach go soiléir ar leathanach 10 den straitéis go ndéanfaidh "an Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, a mbeidh an Taoiseach ina chathaoirleach air, maoirseacht ar an dul chun cinn agus tabharfaidh sé tuairisc don Rialtas mar is gá". An bhfreagróidh an tAire Stáit ceist amháin dúinn? Ó tharla gur cheart go mbeadh an Taoiseach anseo, agus é ceaptha mar cheann foirne, cén fáth nach bhfuil sé sásta teacht isteach go dtí an coiste seo agus freagracht don fhreagracht i leith na Gaeilge a leag an straitéis ar siúd, seachas ar an Aire Stáit? Cén fáth nár tháinig sé chugainn?