Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá sé sin déanta le dhá bhliain anuas. Tá €250,000 curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta chun oifigigh Gaeilge a earcú sna ceantracha a bheidh ag foilsiú pleananna i mbliana. Bhí an ceart ag an Teachta Ó Cuív nuair a dúirt sé nach raibh airgead mór i gceist i gcomparáid le Ranna eile. Bhí mé ag éisteacht leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe anuraidh nuair a cheadaigh sé €150 milliún breise don Roinn Sláinte sa cháinaisnéis. Cheap mé go mbeadh a leithéid d'ardú go hiontach d'aon Roinn. Tá an ceart ag an Teachta nuair a thugann sé le fios go mbíonn sé an-éasca do Ranna mhóra breis airgid a fháil uaireanta. Is dócha gur mar sin a bhí cúrsaí i gcónaí. Nuair a labhair mé leis an Aire, an Teachta Donohoe, i ndiaidh an bhuiséid sin, dúirt mé leis go raibh sé go hiontach go raibh an t-airgead sin ar fáil don Roinn Sláinte, ach go ndéanfadh €1 milliún breise an-difríocht don Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá an ceart ag an Teachta. Bíonn muid ag troid i gcónaí chun breis airgid a fháil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.