Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus a chuid oifigeach. Gabhaim buíochas leis as an chur i láthair a rinne sé agus an cúlra a thug sé i dtaca leis an dul chun cinn maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Ó thaobh na straitéise go ginearálta de, níl a fhios agam an bhfuil cáipéis curtha le chéile ag an Roinn, cosúil le matrix, i dtaca leis na spriocanna, an méid atá bainte amach i dtaca le achan sprioc, an fáth nach bhfuil an sprioc sin bainte amach ina hiomlán agus aon athbhreithniú orthu. An bhfuil sé sin deánta? B'fhéidir gur fiú tabhairt faoi sin mar tá sé deacair dúinne agus don ghnáthphobal fáil amach cad iad na spriocanna atá bainte amach, ní hamháin i dtaca leis an straitéis 20 bliain ach ó thaobh aon polasaí Stáit de nuair nach bhfuil na spriocanna agus an méid dóibh atá bainte amach soiléir. Tá sé fíor-deacair againn machnamh a dhéanamh ar aon cheann de na spriocanna sin de bhrí nach bhfuil an t-eolas beacht cruinn ar fáil againn. Is fiú go mór tabhairt faoi sin. Tá sé ráite san óráid ar thug an tAire Stáit an lá deireanach go bhfuil sé i gceist anois gníomhachtaí úra don tréimhse ó 2017 go 2022 a leagadh amach. Ní fiú é sin a dhéanamh muna bhfuil a fhios againn cá bhfuilimid. Tá múnla úr á gheallúint. B'fhéidir gur b'fhiú dúinn bualadh le chéile arís nuair atá an obair sin déanta agus é sin a phlé go mion. Ba mhaith liom dá mbeadh an deis sin againn.

Ó thaobh ceisteanna ginearálta, aontaím go huile is go hiomlán leis an Teachta O'Dowd i dtaca leis an oideachas dara leibhéal ar na hoileáin. Nuair a bhí muid ar Árainn, fuair muid cur i láthair iontach ó na príomhoidí agus go háirithe ón chathaoirleach, an Comhairleoir Seán Ó Tuairisg. Chuir sé i láthair cuid de na pointí a raibh an Teachta O'Dowd ag caint faoi. Tá brú ar na scoileanna ar na hoileáin. Bíonn an fhadhb céanna againn i nDún na nGall, go háirithe ar Árainn Mhór. Beidh na fadhbanna sin ann. Is fiú go mór tabhairt faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge agus b'fhéidir níos mó maoinithe a chur ar fáil don scéim sin.

Ó thaobh na titime, a rinneadh plé uirthi, de 11.2% ar na cainteoirí Gaeilge sna Gaeltachtaí ó 2011 go 2016 de réir an dhaonáirimh, is titim tubáisteach í sin. Is dóigh gur sin an titim is mó de réir staitisticí de le 80 bliain anuas. An léiríonn an titim seo nach bhfuil an polasaí atá á chur i bhfeidhm, ní h-amháin ag an Rialtas seo ach ag an Roinn, ag obair nó, mar a dúirt an tAire Stáit, an léiríonn sí go bhfuil daoine ag dul ar imirce? Más sin an fhadhb agus má táimid ag iarraidh na daoine sin a mhealladh ar ais, an bhfuil aon straitéis leagtha amach ag an Roinn leis sin a dhéanamh? An bhfuil sé i gceist an deontas do thithe úra sa Ghaeltacht a chur i bhfeidhm arís? Ní chreidim gur sin an fhadhb i ndairíre. Creidim go bhfuil rud éigin níos mine i gceist. An bhfuil aon obair déanta ag an Roinn le fáil amach cad a tharla? Tá a fhios agam go bhfuil sé luath go fóill, ach b'fhiú go mór tabhairt faoi sin. Mar shampla, bhí titim de 25% i nGaeltacht Chontae Mhaigh Eo. Cén fáth ar tharla sé sin thar tréimhse cúig bliana? Níl a fhios agamsa. An bhfuil a fhios ag an Roinn? Caithfimid an t-eolas sin a fháil má tá muid chun spriocanna a leagan amach le haghaidh tréimhse cúig bliana. Níl an milleán ar an Rialtas anseo, ach tá fadhb polasaí éigin nuair atá sé sin ag tarlú. Tá a fhios agam go bhfuil sé luath fosta, ach b'fhéidir nach bhfuil an córas pleanála teanga úr ag obair. An bhfuil múnla úr ag teastáil? Cad é dearcadh na Roinne ar sin?

Ó thaobh na Gaeltachtaí agus na hoileáin, tháinig ceist faoi mhaoiniú do na comharchumainn aníos ar Árainn, agus arís nuair a bhuail mé le cuid de na comharchumainn ar na hoileáin i nDún na nGall. Tá na comharchumainn faoi bhrú ollmhór. Cur i gcás comharchumann Thoraigh. Bhí sé deacair teacht ar bhainisteoir úr, cé go bhfuil bainisteoir den chéad scoth ceaptha anois. Bhí sé deacair. Bhí an córas earcaíochta an-deacair de bhrí nach raibh an oiread sin daoine sásta cur isteach ar an phost mar go raibh an pá chomh íseal sin i gcompáraid le háiteanna eile. Tá an dá córas ansin. Tá maoiniú do na comharchumainn galltachta agus maoiniú do na comharchumainn Gaeltachta, agus níl siad ar chomhchéim le chéile. Ar a laghad ba chóir go mbeadh. I mo thuairimse ba chóir go mbeadh na comharchumainn Gaeltachta ag fáil níos mó airgid de bhrí go bhfuil dualgais breise orthu. Níl siad ag fáil an t-airgead breise sin. Tá a fhios agam go bhfuil €250,000 sa bhreis ar fáil tríd Údarás na Gaeltacht sa bhuiséad reatha, ach nuair a scaiptear é sin, is thart ar €40,000 de réir an chomharchumainn é. Is pinginí é sin i ndairíre nuair a chuirtear obair na gcomharchumann san áireamh, go háirithe ar na hoileáin. Cur i gcás Toraigh, dhá chomharchumann Árainn Mhór agus comharchumainn Ghaeltachtaí na Gaillimhe. Tá na comharchumainn sin ag déanamh obair gach seirbhís Stáit. Tá siad ag obair thar ceann an Stáit agus níl siad ag fáil an mhaoiniú. Measaim go bhfuil value for money á chur ar fáil ag na comharchumainn sin. B'fhiú athbhreithniú a dhéanamh ar sin más féidir.