Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 May 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga (Atógáil): An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta O'Dowd as na ceisteanna sin. Chuala mé go raibh turas maith ag an choiste ar na hoileán agus go raibh daoine sásta gur ndeachaigh an coiste amach ar an turas sin. Molaim an cinneadh a rinneadh é seo a dhéanamh.

Tá an ceart ag an Teachta ó thaobh oideachais, an chóras oideachais agus an tábhacht a bhaineann le scoileanna in aon áit faoin tuath, ach go mórmhór ar na hoileáin. Gan scoil, níl seans ar bith ag oileán muna bhfuil sé an-ghar don chósta. Bhí muid in ann, mar shampla, na rialacha ó thaobh an chóimheas múinteoirí is daltaí a athrú do scoileanna beaga ar na hoileáin i mbliana go dtí go gcinnteofar go mbeadh beirt múinteoirí ar fáil má tá scoil amháin ar oileán. Ba chinneadh maith é sin ó thaobh shábhailteacht na páistí agus ó thaobh an chóras oideachais freisin.

Ó thaobh na meánscoileanna de, bíonn siad faoi bhrú in áiteanna ar na hoileán. Mar a luaigh mé leis an Teachta Tóibín, is é sin an fáth a bhí mé sásta breis scoláirí a cheadú don mheánscoil sin ar Árainn chun cabhrú léi na huimhreacha a choimeád. Mar sin féin, tá siad faoi bhrú agus bíonn siad faoi bhrú. Bíonn chuile clann fíor-thábhachtach. Bíonn clanna le beirt nó triúir fíor-thábhachtach do cheantar beag agus don oileáin. Muna bhfuil an caighdeán oideachais ró-mhaith nó, mar shampla, má tá laghdú ar an churaclam nó ar an rogha ábhar don ardteist, b'fhéidir go gcuirfidh tuismitheoirí a bpáistí chuig an mhórthír chun an ardteist a dhéanamh. Is mór an trua má tharlaíonn é sin.

Caithfimid bheith cúramach faoi sin agus breathnú ar na huimhreacha. Pléadh é seo ag an choiste idir-rannach, leis an Taoiseach, leis an Aire, an Teachta Richard Bruton, agus le feidhmeannaigh ón Roinn Oideachais agus Scileana le déanaí. Tá a fhios agam go raibh crunniú i ndiadh sin idir an Roinn Oideachais agus Scileanna agus Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin. Tá an ceart ag an Teachta. Tá sé fíor-thábhachtach go gcoinnímid súil air agus go bhfuilimid ag plé an cheist seo ó thaobh thábhacht na n-ábhar atá ar fáil, ó thaobh an churaclaim agus ó thaobh an chóimheas múinteoirí is daltaí, an méid múinteoirí agus rudaí mar sin. Tá an Roinn ag breathnú ar an cheist.

Tá an Roinn ag breathnú ar an cheist maidir leis na heitiltí folamh faoi láthair freisin. Níor mhaith liom níos mó a rá faoi ag an bpointe seo ach táimid ag breathnú air. Braitheann chuile rud a dhéanaimid le conarthaí oibleagáide seirbhíse poiblí ar chomhairle ó Oifig an Ard-Aighne. Tá sé fíor-chasta, mar atá fhios ag an Seanadóir Ó Céidigh. Is rud maith é go bhfuil seirbhís ar fáil, go bhfuil conradh sínithe le haghaidh tréimhse ceithre bhliain agus go bhfuil eitiltí ar fáil - breis eitiltí ná mar a bhí sa chonradh deireanach, caithfidh mé a rá.

Bhí ceisteanna ó thaobh tithe sóisialta. Pléadh é sin ag cruinniú cinn bhliana Chomhdáil Oileáin na hÉireann ar Inis Bó Finne le déanaí. Scríobh muid chuig príomhfheidhmeannaigh Chomhairlí Contae na Gaillimhe agus Mhaigh Eo chun cruinniú den choiste oileánda a bunaíodh a eagrú.

Bhí ceann anuraidh ach níl siad ar siúl faoi láthair. Ba mhaith liom cruinniú idir na comhairlí contae, na comharchumainn, na seirbhísí sláinte agus seirbhísí de chuid an Roinn Coimirce Sóisialaí chun na rudaí sin a phlé, ar nós fás agus Tús agus na rialacha pleanála atá leagta síos, mar shampla. Mar a dúirt duine éigin ag an chomhdháil, an dteastaíonn go dtógfar isteach na rialacha pleanála céanna atá ar an mórthír chun teach nua a thógáil faoin tuath, maidir le hairde ballaí agus araile? Tá an ceart ag an Teachta. Caithfidh an comhairle contae breathnú ar sin. Tá sé níos éasca, mar atá fhios ag an Teachta, cead pleanála a fháil ag an chomhairle contae trí Pháirt VIII. Déanann na comhairleoirí an cinneadh so bheadh sé níos éasca cead pleanála a cheadú sna cásanna sin ná i gcás daoine atá ag iarraidh cead pleanála a fháil dóibh féin. Tá ról ag na comhairlí contae ansin. Tá an ceart ag an Teachta. Tá chuile duine, mar a dúirt an Teachta, ar an leathanach céanna ó thaobh thábhacht an oileáin, tábhacht dhaonra an oileáin agus na hoileáin a choinneáil beo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.