Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 April 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Tráchtaireacht agus Tuarascálacha: An Coimisinéir Teanga

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glacaim leis an rud atá á rá faoin earcaíocht. Is ceist í sin go gcaithfear dul i ngleic leis, ach ní fhreagraíonn sé sin an cheist. Dá ndéarfaí liomsa go gcaithfinn comharthaí a chur suas sa Seapáinis agus níl focal Seapáinise agam, chuirfinn suas sa Seapáinis iad más é sin atá ráite sa dlí. Gheobhainn duine le Seapáinis cheart le na comharthaí a scríobh agus chuirfinn suas iad de réir mar a bhí leagtha amach. Is féidir le haon Béarlóir é sin a dhéanamh mar tá go leor daoine agus cuireann muid go leor áiseanna agus dreamanna ar fáil le haistriú ceart a dhéanamh ar chomharthaí. Is rud é a rinneadh ag tús an Achta le rudaí a dhéanamh éasca do na comhlachtaí poiblí. Ach fós féin, tugann siad an dá mhéar dúinn chuile uair. Níl a fhios agam céard atáimid ag dul ag déanamh mar Stát le cur isteach ina gcloigne má tá rud sa dlí, tá sé sa dlí agus caithfear é a chomhlíonadh. Más Gaeilge, Béarla, Fraincis nó Gearmáinis atá ag duine, caithfear an dlí a chomhlíonadh. Full stop. Tá fadhb uafásach ann go bhfuil dea-thoil don Ghaeilge ar lámh amháin, ach ar an lámh eile, ná bí dáiríre faoi actually rud a dhéanamh faoi. Is dóigh liom go bhfuil fadhb anseo nach bhfuilimid ag aithint. Tá sé ag cothú faidhbe ollmhór. Fuair an coiste seo litir ar ais ón tAire Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe agus bhí an litir i mBéarla. Scríobh sé chuig comhchoiste na Gaeilge é. Cad a cheapann an Coimisinéir Teanga faoi sin? Seo hé an meon le feiceáil arís. Caithfimid cur ina luí ar an Rialtas go gcaithfear dul ar ais ag na heagraíochtaí Stáit agus a dhéanamh soiléir go gcaithfidh siad cloí leis an dlí. Ní ceist roghnach é d'aon eagraíocht Stáit cloí nó gan cloí le dlí na tíre. Má dhéanann an tOireachtas dlí, tá sé ina dlí go leasaítear é. An aontódh an Coimisinéir Teanga go bhfuil fadhb ollmhór ann leis an meon sin?