Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 April 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Tráchtaireacht agus Tuarascálacha: An Coimisinéir Teanga

5:00 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Tá dhá chuid de fhreagra agam ar sin. Tabharfaidh mé an dara chuid ar dtús. Ceann de na bealaí go bhféadfaí teacht i dtreis ar sin ná i gcúrsaí earcaíochta. Is é sin an áit a bhfuil bunfhadhb ó thaobh seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. Níl a ndóthan daoine le Gaeilge ag obair sa Státchóras. Níl a ndóthan earcú ar siúl faoi láthair le sin a chur ina cheart. Níl postanna á shainaithint, mar atá leagtha síos sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ina deir sé go mbeidh postanna sainaitheanta i gcomhlachtaí poiblí go bhfuil riachtanas Gaeilge leo. Níl sé sin ag tarlú ar aon bhealach chórasach ná chuimsitheach ar chor ar bith. Tá sé soiléir le feiceáil sa tráchtaireacht atá déanta agam nach bhfuil post le riachtanas Gaeilge sainaitheanta ach i gcás 17.5% de na scéimeanna a dhaingníodh le dhá bhliain anuas agus nach bhfuil socruithe cinnte de earcú comhaltaí foirne le Gaeilge luaite ach i gcás 7.5% de chuile scéim teanga a dhaingníodh i 2015 agus 2016. Is áit í sin ina bhfuil fadhb shuntasach. Is léir nach bhfuil an Roinn, córas na scéimeanna teanga agus na comhlachtaí poiblí ag dul i ngleic le sin le daingniú scéimeanna ina bhfuil an figiúr sin chomh híseal.

Tá an dara chuid de mo fhreagra faoi na comharthaí. Tagann gearráin isteach againne go rialta faoina leithéidí go bhfuil luaite ag an Teachta faoi chomharthaí gan aon Ghaeilge orthu ar chor ar bith, le Gaeilge ar scríobh níos lú ná an Béarla, nó - i gcás an Luas - le Gaeilge ar chomh-mhéid ach nach bhfuil comhfheiceálach mar gheall ar an dath atá air. Tagann an trí shaghas gearráin sin isteach chugainne go rialta. Don chuid is mó, éiríonn linn iad a réiteach agus dul i gcion ar chomhlachtaí poiblí chun iad a chur ina gceart. An áit a mbíonn díospóireacht ann le comhlachtaí poiblí go minic, rud a luaigh an Teachta Ó Cuív, ná go dtagann siad ar ais go minic leis an gcostas a bhaineann lena leithéid. Dá dtiocfaí linn sa gcéad dul síos sampla den chomhartha atá i gceist a ardú, ní cheart go dtiocfadh a leithéid de fhadhb chun cinn arís.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.