Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 April 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Tráchtaireacht agus Tuarascálacha: An Coimisinéir Teanga

5:00 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Ó thaobh an cheist faoi Acht nua, d'aithin mé i m'aitheasc ag an tús agus tá mé á aithint anois arís go bhfuil cúrsaí níos fearr de thoradh Acht na dTeangacha Oifigiúla a thugadh isteach in 2003. Caithfear é sin a aithint. Tá daoine níos eolaí anois faoina gcuid cearta teanga agus tá dul chun cinn ó thaobh chomharthaíocht, stáiseanóireacht agus mar sin de. Ba reachtaíocht úr nua ceannródaíocht a bhí ann ag an am. Déanfadh sé ciall chomh maith, áfach, 13 bliain ó tháinig an tAcht i bhfeidhm, go bhféachfaí in athuair chun féachaint cén chaoi gur féidir an tAcht a fheabhsú anois. Tá an saol athruithe ó shin chomh maith. Tá níos mó seirbhísí idirghníomhacha ann anois ná mar a bhí. Tóg, mar shampla, na dualgais ar cheart a bheith ar chomhlachtaí poiblí faoi na meáin shóisialta agus a leithéidí sin. 'Sé sin, rudaí atá tagtha chun cinn ón am sin. Is rudaí iad sin go bhféadfaí a bheith mar chuid d'aon díospóireacht faoi Acht nua. Cuideodh sé sin.

Bhain an dara cheist le comhlachtaí poiblí agus gan aon chumhacht a bheith agam mura bhfuil scéim teanga ann. Agus muid ag caint níos luaithe faoi rialacháin agus na buntáistí a bhaineann le rialacháin, b'fhiú a lua go gcaithfidh siad cfós loí leis na rialacháin atá leagtha síos san Acht féin ó thaobh fógairtí, taifeadta béil, stáiseanóireacht agus comharthaíocht agus mar sin de. Fós tá de dhualgas ar na comhlachtaí sin na dualgais sin a chomhlíonadh agus is féidir linn iad sin a fhiosrú.

Luadh Ard-Mhúsaem na hÉireann. Sin ceann de na comhlachtaí a bhfuil scéim teanga daingnithe leo ó dheireadh 2016 go dtí an am anois ar a bhfuil na fíricí seo bunaithe. Is fiú a lua chomh maith go bhfuil dualgais ar an gcomhlacht sin freisin bunaithe ar an reachtaíocht faoinar bunaíodh é. Baineann sé sin le 2005 go sonrach. Tá sé spéisiúil go bhfuil san Acht a bhain le bunú an Ard-Mhúsaem foráil go mbeidh líon leor dhóthanach foirne ag an músaem chun seirbhisí a chur ar fáil i nGaeilge. Sa scéim teanga, atá daingnithe ó dheireadh 2016, deir sé go sainaithneofar poist mar riachtanais Gaeilge ag baint leo faoi dheireadh chéad bliana na scéime. Is léir go bhfuil deighilt ansin ar bhealach idir an méid atá ráite san Acht inar bunaíodh an músaem agus ag méid atá ráite sa scéim teanga.

Chun é sin a leathnú amach beagánín ó thaobh obair na hoifige, ní faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla amháin a bhíonn muid ag feidhmiú. Bíonn muid in ann breathnú ar Achtanna Oireachtais eile a bhfuil dualgais leagtha síos ar chomhlachtaí poiblí - Acht an Gharda Síochána agus an tAcht Oideachais ina measc.

Bíonn níos mó imscrúduithe déanta i mbliain amháin faoin Acht oideachais ná faoi aon Acht eile. Léiríonn sé sin go bhfuil cumhachtaí agam taobh amuigh de Acht na dTeangacha Oifigiúla féin. Maidir le cás dlí a thógáil in aghaidh eagraíochtaí, i ndeireadh na dála is dóigh gur ceist í sin do pé eagraíocht nó duine aonair, más mian leo. Má théann muid siar inár gcuimhne go bunú na hoifige, cás Uí Bheoláin agus rialú Breitheamh Hardiman ag an am sin faoi sheirbhísí Stáit a bheith ar fáil, is as sin a d'eascair Acht na dTeangacha Oifigiúla sa gcaoi go mbeadh Coimisinéir Teanga ann le go bhféadfadh daoine dul chuige nó chuichi chun a gcearta a lorg. Má tá ceist bhunreachtúil ann faoina bhfuil an Stát ag comhlíonadh a chuid dualgas, is ceist í sin atá taobh amuigh de mo chuid cumhachtaí agus is ceist í do na cúirteanna.