Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 April 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Tráchtaireacht agus Tuarascálacha: An Coimisinéir Teanga

5:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Dá mbeadh carr ceannaithe agam in 2003, bheadh sí imithe as dáta faoin am seo mura mbeadh an-aire tugtha agam di ar fad nó mura mbeadh sí ar ard-chaighdeán. Sílim gurb é an rud atáimid ag plé leis anseo. Bhí an-dea-mhéin ó thaobh an Achta ag an am agus bhí muid ag súil go raibh sé snasta agus oiriúnach don fheidhm a bhí á leagan amach. Is léir ón méid a bhí le rá ag an bhfear a chuaigh roimh an coimisinéir, Seán Ó Cuirreáin, an méid atá an coimisinéir féin ag rá, an méid atá muid féin ag feiceáil agus an méid atá ráite ag na heagraíochtaí Gaeilge go bhfuil sé in am i ndáiríre Acht nua a thabhairt isteach.

D'fhéadfadh muid an t-uafás ama agus acmhainní a chaitheamh ag iarraidh a bheith ag cur na scéimeanna in oiriúint agus daoine a tharraingt chun cinn leis na scéimeanna a chur i bhfeidhm. Ach, mar a deir na finneithe, nár bhfearr go mór fada ag an bpointe seo dlús an sciobtha a chur faoi Acht a thabhairt isteach, na rialacháin sin a chur i bhfeidhm agus ansin bogadh ar aghaidh ón taobh sin de. Is bun agus barr an scéil ná go bhfuil muid agus b'fhéidir daoine ag éisteacht linn sa mbaile ag argóint faoi chúrsaí teicniúla agus dlíthiúla agus mar sin de ach níl an t-é atá ag iarraidh dul isteach ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, comhairle cathrach na Gaillimhe, leabharlann áirithe, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun gnóthaí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge in ann é a dhéanamh. An rud a bhí muid ag iarraidh ná go mbeadh an duine atá ag úsáid na Gaeilge mar ghnáththeanga labhartha in ann dul isteach ag na comhlachtaí poiblí seo agus a leithéidí a dhéanamh. Dá mbeadh muid fírinneach faoi, tá ag teip orainn. Nach é an rud is tábhachtaí a bhféadfadh muid a bheith ag déanamh ná dlús a chur ó thaobh an Acht nua a thabhairt isteach, na rialacháin agus na moltaí eile a chuir an coimisinéir os ár gcomhair cheana a chur i bhfeidhm san Acht nua agus gan a bheith ag dul anonn is anall ag an bpointe seo faoi.

An féidir liom ceist a chur maidir leis na comhlachtaí poiblí ar iarradh orthu dréacht scéim a ullmhú os cionn naoi mbliana ó shin? Ina measc, tá Amharclann na Mainistreach, an Ceoláras Náisiúnta, Ard-Mhúsaem na hÉireann, an Comhairle Oidhreachta, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Comhairle Contae Uíbh Fháilí. Ós rud é nach bhfuil scéim ar bith daingnithe acu sin, agus glacaim leis gur b'shin an cás ina bhfuil siad, ní féidir leis an coimsinéir i ndáiríre drannadh leo. An féidir? Níl cumhacht dá laghad aige go dtí go bhfuil scéim daingnithe ag dul gar dóibh sin. Dá bhrí sin, is cineál joyriders atá iontu ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla mar níl licence acu agus agus níl cáin acu. Tá siad ag imeacht leo agus ní féidir leis an ngarda atá i gceist - agus é ós ár gcomhair anseo - drannadh leo mar go bhfuil siad faoin aois. Sin go bunúsach é. Nach é sin an samhail atá againn? B'fhéidir gur cheart don choiste iad siúd a thabhairt ós ár gcomhair le feiceáil cén fáth nach bhfuil siad tar éis na scéimeanna a ullmhú.

Má tá aon cheann de na dreamanna seo ag sárú an dlí mar gheall nach bhfuil scéim daingnithe acu agus mar gheall nach bhfuil siad ag cur i bhfeidhm na cearta atá agam mar shaoránach faoin mBunreacht, ar féidir liom cás dlí a thógáil ina aghaidh? An bhfuil muid gabhta go dtí an staid gur cheart do na heagraíochtaí Gaeilge nó daoine aonaracha cuimhneamh ar chásanna a thógáil in aghaidh de chuid de na comhlachtaí poiblí seo? Cén seasamh faoin dlí a bheadh acu leis é a dhéanamh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.