Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 January 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaithe Iontrála Scoile: Cearta Oideachais

2:10 pm

Mr. Colmán Ó Drisceoil:

Creidimid go bhfuil na leasuithe atáimid a mholadh ar an mbealach is simplí agus is éifeachtaí chun déileáil le riachtanais oideachasúla pháistí ar cainteoirí dúchais Gaeilge iad i gcomhthéacs polasaí iontrála scoileanna. Faoin mBille bheadh líon beag páistí ann le Gaeilge nach bhfaigheadh áit i nGaelscoil chuí agus bheadh orthu freastal ar scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Ní éireoidh le páistí, arb í an Ghaeilge a dteanga dhúchais, litearthacht agus inniúlacht iomlán a bhaint amach má chuirtear iachall orthu oideachas a fháil trí mheán an Bhéarla agus an Ghaeilge á múineadh mar dhara teanga. Mura bhfuil Gaelscoileanna in ann polasaí a chur i bhfeidhm a thabharfadh tosaíocht do pháistí ó theaghlaigh Ghaeilge, beidh an líon beag páistí seo fágtha gan rochtain a fháil ar oideachas trí mheán na Gaeilge. Ní bheadh sna leasuithe atáimid a mholadh ach foráil theoranta nach mbeadh éifeacht aici ach ar líon an-bheag ar fad de na háiteanna i nGaelscoileanna.

Maidir le gné na meánscoile, tá sé i bhfad níos éasca agus níos praiticiúla teanga teaghlaigh páistí réamhscoile a dhearbhú ná mar atá sé i bpáistí atá ag iarraidh clárú i meánscoileanna. Is ar an ábhar sin atá sé ciallmhar go leanfadh an teidlíocht seo an páiste de réir mar a bhogann sé nó sí go dtí an dara leibhéal. Tá an cur chuige seo in úsáid go forleathan i gCeanada. Agus polasaí nua don oideachas Gaeltachta seolta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i mí na Samhna 2016, polasaí ina dtugtar cosaint do chearta chainteoirí dúchais sa Ghaeltacht chun scolaíocht lán-Ghaeilge, bheadh cuma éagórach agus ait air go mbeadh maolú á dhéanamh ar chearta chainteoirí Gaeilge eile de bharr a n-áit chónaithe agus iad ina gcónaí lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá sé aitheanta go seasmhach ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil Éire mar bhall díobh, mar shampla, na Náisiúin Aontaithe agus Comhairle na hEorpa, agus i gcoinbhinsiún éagsúla go bhfuil dualgais ar stáit oideachas trí mheán na máthairtheanga a chur ar fáil do mhionlaigh dúchais theangeolaíocha. Tuigimid gur prionsabal tábhachtach sa reachtaíocht nua é fáil réidh le constaicí boga roimh pháistí ó ghrúpaí éagsúla mionlaigh agus eitneacha agus roimh pháistí atá faoi mhíchumais fhisiceacha nó intleachta nó eile. Táimid aireach freisin nár cheart aon chonstaicí nua a chruthú in aon bhealach. Dá dtabharfaí feidhm dár leasuithe, creidimid nach mbeifí ag teacht salach ar na prionsabail sin.

Tá oideachas trí Ghaeilge níos tábhachtaí fós do pháistí arb í an Ghaeilge a dteanga teaghlaigh agus a bhfuil deacrachtaí foghlama éagsúla acu. Chinnteodh an leasú atá a mholadh againn nach ndéanfaí leithcheal ar pháistí leochailleacha seo a bhfuil cabhair agus tacaíocht ag dul dóibh agus dá dtuismitheoirí a dhéanann cinneadh deacair fanacht dílis don teanga. Aon fhorálacha a dhéanfadh leithcheal ar pháistí a labhraíonn an Ghaeilge, ar grúpa mionlaigh iad sa tsochaí agus sa chóras oideachais araon, tá na forálacha úd i gcoinne spiorad an iolrachais agus an ilchultúrachais a ghabhann leis an mBille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna) 2016.

Ní mór dúinn go léir a chinntiú, más féidir, go bhfuil polasaithe iontrála atá dírithe ar chomhionannas agus ilghnéitheacht a chur chun cinn san oideachas ag cur san áireamh riachtanais agus cearta teangeolaíocha an ghrúpa mionlaigh dúchais páistí ar cainteoirí Gaeilge iad ón mbaile. Is éard a choinníonn an teanga ag maireachtáil ná tiomantas na dteaghlach ar fud na tíre a leanann orthu ag labhairt na Gaeilge sa bhaile in ainneoin go gcónaíonn siad i dtimpeallacht Bhéarla, chomh maith le muintir na Gaeltachta. Táimid ag iarraidh ár n-oidhreacht a bhronnadh ar ár bpáistí féin.

Chun inmharthanacht na Gaeilge a chinntiú, tá sé ríthábhachtach go dtugfaí tacaíocht do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge. Is polasaí Rialtais é seo i Straitéis 20 Bliain na Gaeilge. Creidimid gur mór an buntáiste é seo don tsochaí in Éirinn i dtéarmaí ilchineálacht cultúrtha agus féiniúlachta. Gan teaghlaigh ag labhairt na teanga, ar éigean go bhfuil teanga ann. Le cinntiú go maireann an Ghaeilge mar theanga bheo agus mar theanga a labhraítear sa teaghlach, ní mór go dtabharfadh ár gcóras oideachais tacaíocht di agus ní mó go bhfaigheadh páistí a thógtar le Gaeilge a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge.