Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 January 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaithe Iontrála Scoile: Cearta Oideachais

2:10 pm

Ms Siobhán Nic Gaoithín:

In 2015 agus 2016, bhí 1,656 páiste nach bhfuair áit i nGaelscoil mar gheall nach raibh go leor spásanna agus áiteanna ar fáil. San áireamh sna critéir roghnúcháin a dtig leis an Aire cosc a chur orthu, tá cumas acadúil, scileanna, nó inniúlacht dalta. Táimid buartha go dtig leis seo cosc a chur ar dhearbhú ar theanga baile pháiste chun tosaíocht a thabhairt faoin bpolasaí iontrála. Sna critéir roghnúcháin eile a dtig leis an Aire cosc a chur orthu, tá riachtanas go bhfreastalódh dalta, nó a thuismitheoirí, ar agallamh, lá oscailte nó ar chruinniú eile mar choinníoll chun iontrála.

Bíonn gá ar roinnt Ghaelscoileanna bualadh le páistí agus lena dtuismitheoirí le deimhniú gurb í an Ghaeilge teanga baile an pháiste agus sin mar gheall nach bhfuil aon chóras eile ann. Níl aon chóras tríú páirtí ann le dearbhú go bhfuil an Ghaeilge mar theanga baile ag an bpáiste, mar a bhí, mar shampla, sa scéim labhairt na Gaeilge a bhí i bhfeidhm sa tír seo go dtí roinnt blianta ó shin. Chuirfeadh a leithéid de thoirmeasc cosc éifeachtach ar an mhodh praiticiúil amháin atá ar fáil trínar féidir le scoileanna lán-Ghaeilge páistí atá á dtógáil le Gaeilge a aithint. Agus an Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna) 2016 mar atá sé dréachtaithe, mura mbeidh cead ag Gaelscoil bualadh le teaghlach le dearbhú gurb í an Ghaeilge an teanga baile, cén dóigh a bheidh siad ábalta tosaíocht a thabhairt do phaistí le Gaeilge ina bpolasaithe iontrála?

Baineann an cheist le mionlach beag de pháistí an Stáit, ar mionlach iad fiú taobh istigh de Ghaelscoileanna. Léiríonn ár dtaighde agus an taighde is deireanaí gur páistí ó theaghlaigh Ghaeilge iad idir 0% - is é sin go bhfuil go leor scoileanna nach bhfuil duine ar bith ann a thagann ó theaghlach a labharaíonn Gaeilge sa bhaile nó go bhfuil Gaeilge ag a pháiste - agus 10% de pháistí na scoileanna. Ar an mheán, tá 3%. Is é sin páiste amháin in achan rang de 30 a bheith ag teacht ó theaglach a labhraíonn Gaeilge sa bhaile. Tá neart fianaise ann fosta a léiríonn go gcuireann na páistí le foghlaim pháistí eile agus go gcuireann siad le foghlaim a chéile. I scoileanna lán-Ghaeilge, is áis thábhachtach iad na páistí a bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga acu do pháistí arb í an Ghaeilge an dara nó an tríú teanga dóibh í.

Maidir leis na leasuithe atá molta againn ar an Bhille, aithníonn Cearta Oideachais gur gá an Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna) 2016 a leasú le cearta oideachasúla pháistí a labhraíonn an Ghaeilge mar theanga teaghlaigh a chinntiú. Tá sinn ag iarraidh an Bille a leasú sa dóigh is go mbeidh cead ag bunscoileanna lán-Ghaeilge tosaíocht a thabhairt ina bpolasaithe iontrála do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge agus go mbeidh cead acu cruinniú a thionól le teaghlaigh le dearbhú go bhfuil Gaeilge mar theanga labhartha na bpáistí as teaghlaigh lán-Ghaeilge agus nach n-úsáidfí an t-eolas ón gcruinniú seo d’aon chuspóir eile. Maidir le meánscoileanna lán-Ghaeilge, ba chóir go dtabharfaí cead d'údaráis scoileanna tosaíocht a thabhairt do dhaltaí a bhfuil sé deimhnithe ag bunscoil lán-Ghaeilge roimhe seo ina leith gurb í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh. Tá na leasuithe atá molta againn ar fáil in aguisín 1 dár ráiteas scríofa agus rachaidh an tUasal Ó Drisceoil tríd na leasuithe sin anois agus cuirfidh sé in iúl na fáthanna agus na cúiseanna a shíleann sinn gur chóir na leasuithe seo a chur i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.