Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 15 December 2016
Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Ferry Service to Inis Mór: Discussion (Resumed)
2:15 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ós rud gur luaigh an tAire Stáit é, cuirim féin fáilte roimh cheapachán Áodháin Mhic Cormaic mar stiúrthóir na Gaeilge. Bhí folúntas ansin ar feadh tamaill fada agus tá aithne agam ar Aodhán ón obair atá déanta aige leis an Roinn. Deabhal fear níos fearr a d'fhéadfaí a fháil don phost sin. Guím gach rath air sa bpost.
Ní maith liom focal a chur ina mbéil ach an léamh a rinne mé ar an bpointe a bhí toscairí an chomhairle contae ag déanamh inné ná go raibh ar an gcomhairle contae, mar gheall ar chiorruithe buiséid, teacht ar foinsí eile airgid agus nach raibh aon rogha acu i ndáiríre ach dul i dtreo fodhlíthe a thabharfadh airgead isteach. An cheist a bhí agam ar an Aire Stáit ná an bhfuil an Roinn sásta breathnú ar fhordheontas ó thaobh an conradh atá an Roinn ag tairiscint a líonfadh an bhearna san airgead atá an comhairle contae ag lorg. Bhíodar ag caint ar 80 cent in aghaidh an chloiginn ar 200,000 duine. Tá sé sin thart ar €160,000 in aghaidh na bliana. An bhfuil an Roinn sásta breathnú ar fhigiúir den chineál sin nó figiúir níos lú? Tuigtear dom, nuair a bhí géarchéim ann an bhliain seo caite, gur leag an Roinn roinnt airgid ar an mbord ó thaobh an chonartha go hInis Mór agus sin €40,000 nó €50,000. An bhfuil an Stát, tríd an Roinn, sásta an bhearna a laghdú sa gcaoi gur féidir an cás a dhéanamh le comhairleoirí Chontae na Gaillimhe an táille sin a tharraingt siar? Braithim ón méid a bhí an leas-cathaoirleach ar an gcomhairle contae ag rá inné gur b'fhearr leo gan a bheith ag baint amach táillí dá bhféadfaidís ach is de bharr chiorruithe airgid atá sé sin ag tarlú i ndáiríre píre.