Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 15 December 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Ferry Service to Inis Mór: Discussion (Resumed)

2:15 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ba cheart breathnú ar chomhchoiste a bhunú idir Roinn na Gaeltachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus, mar shampla, seirbhísí sláinte. Tá a fhios agam go bhfuil comhchoiste mar sin i gCorcaigh agus bíonn díospóireacht ann faoi chuile rud ag baint le saol na n-oileán chun rudaí a dhéanamh níos fearr ó thaobh seirbhísí agus chuile rud eile. Smaoineamh maith é sin. Ba cheart rud éigin a dhéanamh do na hoileáin i nGaillimh agus i nDún na nGall freisin. Ar dtús, ba cheart dom fáilte a chur roimh an Uasal Aodhán Mac Cormaic, stiúrthóir nua na Gaeilge don Roinne. Beimid ag obair le chéile ar rudaí den shórt sin. Tá mé sásta tuilleadh smaoineamh a dhéanamh air ach sílim gur smaoineamh maith é.

An bhfuil an Roinn sásta leis na táillí? Ba chóir an cheist a chur ar an gcomhairle contae. Is leis an gcomhairle contae cé Chill Rónáin. Bhí vóta daonlathach sa chomhairle contae in 2012 agus ghlac na comhairleoirí le táille de 80 cent in aghaidh an phaisinéara. Mar is eol do chuile dhuine, bhí cás cúirte ina dhiaidh. Chaill Island Ferries Teoranta an cás agus is é sin an fáth gur chuir an comhlacht deireadh leis an tseirbhís. Tá céim mór tógtha ag Island Ferries Teoranta agus ag na comhairleoirí ar feadh coicíse anois. Táimid fós i mbun plé agus sílim go mbeidh doiciméad os comhair na gcomhairleoirí Dé Luain maidir leis na táillí. Sin ceist do na comhairleoirí, áfach, mar is leis an gcomhairle contae an cé. Thug an Roinn deontas don chomhairle contae. Beimid ag déanamh an rud céanna d'Inis Oírr. Beidh sé sin ag dul ar aghaidh i rith 2017. Tá sé ráite ag an gcomhairle contae freisin go mbeidh fodhlíthe d'Inis Oírr ó thaobh na gcostaisí as seo amach freisin. Sílim go mbeidh cinneadh le déanamh freisin ag na comhairleoirí maidir leis sin. Tá sé soiléir go bhfuil costaisí ann ó thaobh chaomhnú na cé agus tá an comhairle contae ag iarraidh airgead a fháil chun na seirbhísí a chur i bhfeidhm. Aontaím gur cheart go mbeadh leithreas ann ach sílim gur ceist í sin don chomhairle contae freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.