Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Sustaining Viable Rural Communities: Discussion (Resumed)

2:15 pm

Mr. GearĂ³id Breathnach:

Cuireadh ceist maidir le sonraí na mbuiséad idir 2008 agus anois.

Nílim ag iarraidh dul ró-mhion isteach sna figiúirí. Mar atá ráite ag an bpríomhfheidhmeannach cheana féin, tá trí fhoinse airgeadais againn ón Stáit: airgead reatha do riarachán, airgead reatha d'fhorbairt agus airgead caipitil. I 2008, fuaireamar €25.5 milliún ón Stát i gcóir caipitil. I mbliana, beidh díreach faoi bhun €9 milliún againn. Le déanaí, fuaireamar €2.4 milliún breise don bhliain seo ó thaobh caipitil anuas ar an €6.7 milliún ón ngnáth-leibhéal. Tháinig an laghdú suntasach ar an bhfoinse sin i 2011, nuair a laghdaíodh é go dtí €6 mhilliún. Tá sé thart ar an méid sin ó shin i leith. Ó thaobh airgead reatha de, bhí beagnach €14 mhilliún againn i 2008. I mbliana, tá €8.9 milliún againn. Don bhuiséad forbartha reatha, a chaitear go léir ar fhorbairt teanga, forbairt pobail, forbairt eagraíochtaí pobail agus mar sin de, bhí €4.7 milliún againn i 2008. Tá €3 mhilliún againn i mbliana. Ó thaobh foirne de, i 2007 bhí 112 fhostaí againn. Anois, tá 80.