Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 October 2016
Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Sustaining Viable Rural Communities: Discussion (Resumed)
2:15 pm
Mr. Micheál Ó hÉanaigh:
I dtaobh na gceist a d'ardaíodh ansin, is cinnte go bhfuil muid ag déileáil le réimse leathan de ceantracha tuaithe. Mar a bhí an príomhfeidhmeannach ag rá, tá ag éirí go maith linn thar réimse éagsúil de thionscail. Sílim go bhfuil sé ag cruthú gur féidir le tionscal a bheith beo in gceantracha tuaithe.
An t-aon rud amháin a dhéarfainn faoi na bóithre ná go raibh na bóithre, an leictreachas agus gach rud mar sin thar a bheith tábhachtach. Ach mar a dúirt duine níos luaithe, sílim gurb é an rud is tábhachtaí anois dúinne ná an leathanbhanda. Má thógtar sampla Pháirc Ghnó Ghaoth Dhobhair, bímid i gcónaí ag brath ar na bóithre le hamhábhar a thabhairt isteach agus earraí a thabhairt amach. Ach anois agus muid ag breathnú chun cinn, tá ár straitéis bunaithe ar an earnáil digiteach, samhlaíocht, na tionscail cruthaitheach agus rudaí atá bunaithe ar na hearnálacha nua seo. Tá Aislann Ghaoth Dobhair mar shampla an-mhaith atá forbartha againn a bhféadfaí breathnú air. Tá foirgneamh den chéad scoth ansin againn. Fad go bhfuil muide in ann leathanbhanda ag 100 Mbps a chur isteach ansin i láthair na huaire, tá duine ar bith in ann lonnú ansin agus freastal ar aon mhargadh in aon áit ar domhan. Sílim go gcuirfidh muid an béim ar sin. Mar a dúirt an príomhfheidhmeannach, tá plean dár gcuid féin againn atáimid ag iarraidh a chur amach comhthreomhar leis an bplean náisiúnta lena chinntiú go mbíonn leathanbhanda d'ardchaighdeán ar fad i ngach ceantar Gaeltachta. Sílim gurb é sin ceann de rudaí is tábhachtaí dúinne ag dul chun cinn.
I dtaobh costas Brexit, beimid ag breathnú go géar ar sin. Tá comhlachtaí againn atá ag brath go mór ar mhargadh na Breataine. Beimid ag obair leo sin. Mar a dúirt an príomhfheidhmeannach, beimid ag comhoibriú le Fiontar Éireann, ach beidh mo rannóg féin ag obair agus ag dul i gcomhair le na tionscail seo. Beimid ag déanamh saghas stress-testing orthu sna míonna amach romhainn le feiceáil cad iad na dúshláin agus na contúirtí atá ann dóibh. Beimid ag obair leo chun cinntiú go gcuirfidh muid rudaí in áit chun déileáil le haon chontúirt atá ann.
No comments