Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 5 July 2016

Select Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016
Vote 33 - Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

5:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an ceart ag an gCathaoirleach go bhfuil sé lárnach sa straitéis agus go gcaithfimid an líon daoine atá ag labhairt Gaeilge a ardú. Táimid ag obair chun é sin a chur i bhfeidhm. Ta ceart ag an gCathaoirleach freisin go bhfuil fadhb ann ó thaobh an caighdeáin Gaeilge atá ag múinteoirí. Níl a fhios agam an aontaíonn siadsan linn, ach tá sé sin ráite agus is fadhb mhór é. I mo Dháilcheantar féin agus i mo pharóiste, tá ceithre scoil ann agus iad san Ghaeltacht agus tá dul chun cinn déanta acu ó thaobh na Gaeilge de. Tá scéimeanna ar nós an Gael Brat ann. Bhí mé i gContae na Mí cúpla seachtain ó shin ag bronnadh an brat sin ar scoil sa Seanchaisléan. Tá cailín ó mo Dháilcheantar féin ag múineadh ann agus líofacht aici sa Ghaeilge. Tá dul chun cinn déanta aici ó thaobh an chaighdeáin Ghaeilge atá ag na páistí agus atá ann sa scoil. Tá an deis ann níos mó a dhéanamh ó thaobh scéimeanna ar nós an Gael Brat agus ó thaobh chaighdeán na teanga. Ach tá an ceart ag an gCathaoirleach go bhfuil fadhb ann maidir leis an gcaighdeán atá ag múinteoirí scoile.