Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 5 July 2016

Select Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016
Vote 33 - Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

5:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

An fhadhb atá agamsa, agus an t-eolas atá agam, ná nach bhfuil ach 60% de na scoileanna sa Ghaeltacht ag feidhmiú i nGaeilge amháin agus go bhfuil beagnach 40% de na scoileanna sa Ghaeltacht ag feidhmiú mBéarla nó i mBearla agus i nGaeilge ar bhonn leath is leath. Ó thaobh thodhchaí an teanga, tá sé sin dochreidte.

Maidir leis an nGaeilge thar timpeall na tíre, tá caighdeán Gaeilge mhúinteoirí ag titim. Labhair le haon duine anois agus déarfaidh sé nó sí nach bhfuil an caighdeán ag dul suas agus go bhfuil an caighdeán Gaeilge atá ag múinteoirí nua ag laghdú bliain ar bhliain. Maidir le Gaelscoileanna, tá easpa soláthair ann agus sin fadhb eile. Tá 23% de thuismitheoirí na tíre ag éileamh áit i nGaelscoil dá bpáistí ach níl ach 5% á fháil. I dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, bhí 733 páistí ag iarraidh freastal ar Gaelscoil a theip orthu áit a fháil. Tá a fhios agam nach bhfuil sé seo go díreach faoi chúram an Aire Stáit, ach is é an t-oideachas ceann de na rudaí is mó sa straitéis 20 bliain maidir le dul chun cinn na Gaeilge thar timpeall na tíre. Is léir go bhfuil sé ina phraiseach cheart ó thaobh dul chun cinn na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.