Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 October 2015

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga: Díospóireacht

4:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leis an gcoimisinéir. I slí amháin, ní féidir an cheist seo a fhreagairt. Nuair a bhí an cheist seo á plé againn roimhe seo, dúirt Aire Stát na Gaeltachta thar ceann an Aire sinsearach nach raibh sé de dhualgas orthu a chinntiú go gcloíonn an Státchóras leis na moltaí, cé go bhfuil sé de dhualgas orthu na scéimeanna teanga a n-aontú agus a chinntiú go bhfuil siad ann. A luaithe agus a chuireann an choimisnéir moladh nó imscrúdú chun cinn, bíonn sé de dhualgas orainn déileáil leis, mar shampla trí cuireadh a thabhairt don Aire nó don chomhlacht teacht os ár gcomhair. Ina dhiadh sin, tá sé de dhualgas ar an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, nó ba é sin an tslí a ghlac mé leis an méid a dúirt an tAire Stáit, an Teachta McGinley, ag an am. I slí amháin, luíonn sé sin leis an méid atá á rá ag an gcoimisinéir. Má tá sé mar leithscéal ag an Roinn nach bhfuil an t-airgead ann, is é an tAire atá i gceannas.