Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 October 2015

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga: Díospóireacht

4:00 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Chuir an Teachta ceist eile orm faoin scéim teanga atá dangnithe ag Aire Stáit na Gaeltachta leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is dócha gurb é an cúram atá orm na a chinntiú go gcuirtear an méid atá sa scéim i bhfeidhm. Maidir leis an méid atá aontaithe, is ceist é sin don Roinn agus don Aire. Cuirtear an scéim ar aghaidh chugam agus measaim an bhfuil sé á chur i bhfeidhm. Is léir go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an Roinn sin ós rud é go bhfuil sé i gceannas ar earcaíocht sa tseirbhís phoiblí ar go leor bealaí. Luaigh an Teachta an caidreamh ata agam leis an Roinn sin. Bhí sraith chruinnithe agam le hArd-Rúnaithe na Ranna Rialtais ó tháinig mé isteach sa phost seo, agus cruinniú le Ard-Rúnaí na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ina measc. Chuir mé in iúl dó an tábhacht, dar liom, atá ann go mbeadh dóthain daoine le Gaeilge á earcú isteach sa Státseirbhís. Tá sé sin ríthábhachtach. Mar a nótáil mé níos luaithe, níl aon phost sainaitheanta go fóill ag an Roinn sin sa scéim teanga seo. Is fiú a lua go bhfuil cúig bliana caite ón am gur leag an straitéis 20 bliain amach go mbeadh poist á sainithint i scéimeanna teanga amach anseo.

Maidir le tuarascálacha imscrúdaithe, tá roinnt imscrúdaithe curtha faoi bhráid an choiste seo, mar shampla i gcás comharthaí leictreonacha Iarnród Éireann. Luaigh mé cás an Roinn Oideachais agus Scileanna leis an Seanadóir Ó Clochartaigh níos luaithe. Dé réir an Achta, nuair atá imscrúdaithe á dhéanamh againn, i dtús báire déanaimid iarracht réiteach neamhfhoirmiúil a fháil agus déanaimid imscrúdú foirmiúil muna n-éiríonn leis sin. Déanaimid moltaí ina dhiadh sin. Iarradh orm an bhfuil ceangal leis na moltaí sin nó nach bhfuil. Dé réir an Achta, is féidir le comhlacht poiblí athchomharc chuig an Ard-Chúirt a lorg. Níl sé sin ach tarlaithe ach i gcás amháin - cás na Coimisinéirí Ioncaim, a luaigh mé roimhe seo - go dtí seo. Muna lorgaítear athchomharc, is é an dearcadh atá agam ná go bhfuil siad ag glacadh leis an imscrúdú agus go bhfuil siad chun na moltaí a chur i bhfeidhm. Dé réir an Achta, má tá mé den bharúil tar éis tréimhse réasúnta ama nach bhfuil na moltaí á gcur i bhfeidhm, cuirim an t-imscrúdú sin faoi bhráid Tithe an Oireachtais. Is maith an rud é go bhfuil an coiste seo bunaithe anois agus go dtéann na himscrúdaithe sin chuig an gcoiste. Nuair atá an t-imscrúdú déanta agam, tá cinneadh déanta agam go bhfuil pé comhlacht poiblí atá i gceist ag sárú pé Acht atá i gceist, tá moltaí déanta agam agus táim den bharúil nach bhfuil na moltaí sin á gcomhlíonadh, cuirim an ábhar ar aghaidh go dtí Tithe an Oireachtais. An moladh atá agamsa don choiste ná gur cheart féachaint ar sin, más féidir. Luaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh ceann de na hargóintí a thagann chun cinn. Go minic, ní bhíonn argóint ann faoi an bhfuil an chomhlacht ag sárú na dualgais nó nach bhfuil - deirtear gur cheist acmhainní atá ann. Ní féidir liomsa ma Choimisinéir Teanga glacadh leis má deireann aon chomhlacht poiblí "tuigimid go bhfuil dualgas orainn, ach níl an t-airgead againn agus nílimid chun an dualgas sin a chomhlíonadh". Tá an reachtaíocht seo daingnithe ag Baill an Oireachtais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.