Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 October 2015
Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara
Tuarascáil Nuashonrú ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ó 2006 go 2011: Díospóireacht
2:10 pm
Ms Nóra Ní Loingsigh:
Thar ceann Gaelscoileanna Teoranta gabhaim buíochas leis an bhfochoiste as ucht an gcuireadh teacht chun labhairt anseo inniu i bhfianaise na tuarascála nuashonrú ar an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. I mo chuid cainte, táim chun díriú ar an oideachas lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht os rud é gur sin mo réimse oibre.
Tá Gaelscoileanna Teoranta ag plé le cúrsaí oideachais Gaeltachta go hoifigiúil ó mí Iúil 2014 nuair a aithin Foras na Gaeilge an eagraíocht mar cheanneagraíocht ar an réimse Gaeloideachas-tumoideachas agus réamhscolaíocht lán-Ghaeilge. É sin ráite, ní raibh buiséad cinntithe dúinn don réimse seo go dtí mí Bealtaine na bliana seo agus i bhfianaise sin tá oifigeach forbartha amháin fostaithe againn le plé le scoileanna Gaeltachta agus táimid i mbun an dara oifigeach a fhostú don réimse oibre sin faoi láthair. Tá agus beidh an bheirt i mbun comhairliúcháin trí chuairteanna ar na scoileanna Gaeltachta agus tá súil againn níos mó aithne dá réir a chur ar na dea-chleachtais agus ar na dúshláin atá sna scoileanna Gaeltachta.
Leagann an tAcht Oideachas 1998 dúshláin agus freagrachtaí ar scoileanna i gcoitinne i leith na Gaeilge agus, ach go háirithe, orthu siúd atá i limistéir Gaeltachta.
Mar chuid de chuspóirí an Achta déantar an cur síos seo:
6.—Gach duine a mbeidh baint aige nó aici leis an Acht seo a chur i ngníomh, beidh aird aige nó aici ar na cuspóirí seo a leanas ar dá mbun a d’achtaigh an tOireachtas an tAcht seo:
[...]
(i) cuidiú le réadú beartas agus cuspóirí náisiúnta i ndáil le leathadh an dátheangachais i sochaí na hÉireann agus go háirithe go mbainfí úsáid níos mó as an nGaeilge ar scoil agus sa phobal;
(j) cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga an phobail i limistéir Ghaeltachta;
(k) riachtanais teanga agus chultúrtha mac léinn a chur chun cinn ag féachaint do roghanna a dtuismitheoirí.
Leagtar amach chomh maith feidhmeanna scoile de réir an Achta ina luaitear:
9.—Cuirfidh scoil aitheanta oideachas ar fáil do mhic léinn ar oideachas é is cuí dá gcumais agus dá riachtanais agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, úsáidfidh sí na hacmhainní a bheidh ar fáil di—
[...]
(h) i gcás scoileanna atá lonnaithe i limistéar Gaeltachta, chun cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga an phobail.
Dá réir tá scoileanna Gaeltachta faoi choimirce an Achta cabhrú leis an bpobal áitiúil an Ghaeilge a threisiú mar theanga pobail. Dúshláin mór í seo do na scoileanna agus aithníonn an tuairisc atá faoi choimirce ag an gcoiste inniu an ról sin ach chomh maith sin aithnítear nach féidir le scoileanna sin a dhéanamh leo féin.
Mar is eol do na comhaltaigh, d’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Scileanna na Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta i mí Bealtaine na bliana seo agus tá muide ag plé leis an gcomhairliúcháin ina leith ó shin idir plé le scoileanna go díreach agus a dtuairimí a chur os comhair na Roinne Oideachais agus Scileanna. Tá mórán moltaí cuimsitheacha sa dréachtpholasaí seo agus dá gcuirfí i bhfeidhm iad i gceart bheadh treisiú i gceist maidir leis an oideachas lán-Ghaeilge sna Gaeltachtaí. An bhuairt a bheadh ar Gaelscoileanna Teo. ná nach mbeadh airgeadú ceart déanta ar na moltaí seo le tacaíochtaí cuí a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta bheith ina scoileanna lán-Ghaeilge láidre. Tá géarghá le saintacaíochtaí a thabhairt do scoileanna ar mian leo tabhairt faoin tumoideachas agus do scoileanna eile ar mian leo an oideachas lán-Ghaeilge nó teanga labhartha na scoile a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge i limistéar Gaeltachta.
Is léir go bhfuil na tacaíochtaí seo riachtanach le cabhrú le láidriú na Gaeilge mar theanga pobail sna Gaeltachtaí ach ar a bharr sin tá gá le seirbhísí a chur ar fáil le cinntiú gur féidir leis na daltaí a gcuid Gaeilge a úsáid lasmuigh den scoil. Gan na seirbhísí agus struchtúir seo bheadh sé an-deacair an Ghaeilge a choimeád mar theanga idir daoine óga agus dá réir an-dúshlánach leanúnachas a bheith i bpobal labhartha na Gaeltachtaí. Mar a luaigh daoine níos luaithe, cabhraíonn an t-eolas atá i dtuairiscí dá leithéid atá á plé anseo inniu ach tá gá le gníomh ar an talamh, le hairgeadú agus pleanáil cuí chuige le tabhairt faoi na dúshláin a léiríonn na staitisticí ann. Gabhaim buíochas leis an bhfochoiste as ucht cluas éisteachta a thabhairt dom.