Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 April 2015

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Irish Language Education: Discussion

10:00 am

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Ba mhaith liom freagra a thabhairt ar cheist an Teachta Byrne maidir leis an bpáiste nach raibh in ann dul ó naíonra go dtí an bunscoil lán-Ghaeilge. Tuigimid agus aithnímíd an dúshlán seo agus goileann sé go mór orainn mar eagraíocht go bhfuil orainn glacadh le glaonna go minic ó thuismitheoirí leis an ngearán céanna. Thagair an Roinn don chóras nua a bheas ag teacht i bhfeidhm chun trédhearcacht níos fearr a thógáil isteach sa chóras ach an rud is gá a fheabhsú ná méid na scoileanna atá ar fáil agus go mbeidh an cóiríocht chuí ag na scoileanna atá ann le gur féidir leo méadú agus le gur féidir leo na páistí sin a thógáil isteach. Sin bunús na faidhbe ansin.

Tá sé tábhachtach a rá go bhfuil 75% de na scoileanna in ann freastal ar an éileamh. Sa chás go bhfuil siad in ann freastal, fáiltítear roimh gach páiste. Ní bhíonn critéir leagtha amach a thugann tosaíocht do pháistí thar páistí eile. Faraor, sa 25% eile, nuair atá ró-éileamh, caithfear critéir a leagan amach. Leagan an chuid is mó de na scoileanna san critéir amach a bhaineann le túsáit a thabhairt do theaghlaigh lán-Ghaeilge agus do theaghlaigh atá an-ghníomhach i gceist na Gaeilge. Ní hé sin le rá go bhfuil d'aonghuth gearrtha amach á dhéanamh ar aon aicme nó ar aon chineál páiste ar leith. Faraor, maidir leis an ró-éileamh, sin mar a bhíonn. Déanann na scoileanna freastal ar a bheith chomh uilechuimsitheach agus is féidir sa phróiséas iontrála.

Thagair an Teachta Ó Cuív do english as an additional language, EAL, sa Ghaeltacht. Fáiltím go mór roimhe sin. Ba chóir go mbeadh siad ann do chainteoirí dúchais agus d'fhoghlaimeoirí. Freisin, is dóigh liom go ndéanaimid dearmad go minic go mbíonn go leor cainteoirí dúchais lasmuigh den Ghaeltacht freisin sna scoileanna lán-Ghaeilge. Déantar faillí go minic orthu siúd freisin.

Fáiltímid roimh mhúnla na Breataine Bige. Ceapaim go mbeadh sé riachtanach go mbeadh aonad lán-tumadh ann a thabharfadh na scileanna cuí do pháistí.