Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 April 2015

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Irish Language Education: Discussion

10:00 am

Photo of Terry BrennanTerry Brennan (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní ball mé den choiste seo. Chuala mé ar maidin go raibh na finnéithe ag teacht. Tá an-suim agam i mo theanga féin. Nuair a bhí mise sa scoil náisiúnta, cúpla bliain ó shin, múineadh gach rud ach amháin an Béarla trí mheán na Gaeilge: stair, tíreolas, matamaitic agus mar sin de. D’imríomar peil as Gaeilge freisin. Bhí cúig scoileanna náisiúnta in aice linn i gceantar Chairlinn i gContae an Lú, an contae is lú in Éirinn. Rinneadh gach rud i ngach ceann acu ina dteanga féin. Chaill mé í agus táim ag déanamh iarracht í a chleachtadh. Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, a thug cúpla focal dom ar maidin. Ní raibh siad agam.

Nuair a bhuailim le grúpa ó scoil náisiúnta i dTeach Laighean, cuirim cúpla ceist orthu as Gaeilge i gcónaí – cárbh as dóibh agus mar sin de. Féachann an chuid is mó díobh orm le leath na súile orthu. Recently, I came across grúpa ó Ghaelscoil agus bhí na daltaí go hiontach. Bhí níos mó Gaeilge acusan ná mar atá agamsa, so I was caught out.

Bhí mé ag caint le múinteoir bunscoile. The head teacher of a scoil náisiúnta-----