Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 April 2015

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Irish Language Education: Discussion

10:00 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé beagnach réidh. Tá mé tar éis iarracht a dhéanamh a bheith chomh gonta agus is féidir liom agus tá go leor ceist eile a mhaith liom a chur. An gcuideoidh sé nó an mbeadh an Roinn sásta an freastal céanna a dhéanamh ó thaobh múinteoirí de a dhéanamh do na gasúir a théann ar an nGaelscoil san Ghaeltacht le Béarla agus a dhéanann an Roinn le na gasúir a théann ar scoileanna Béarla na tíre agus nach í an Béarla an teanga baile atá acu?

Is é sin le rá gur teangacha iasachta a bhíonn acu. Cuirtear múinteoirí breise isteach sna scoileanna sa chás sin. An mbeadh an Roinn sásta an rud céanna a dhéanamh sa nGaeltacht agus múinteoirí breise a chur isteach do na daoine sna scoileanna Gaeltachta nach bhfuil an Ghaeilge acu mar theanga baile le cúnamh a thabhairt leo an Ghaeilge a fhoghlaim?

Tá ceist amháin eile agam. An mbeadh an Roinn sásta glacadh le nós na Breataine Bige nach féidir le gasúr dul, mar shampla, ar mheánscoil sa nGaeltacht mura bhfuil Gaeilge acu gan tumchúrsa a dhéanamh roimh ré, le haghaidh sé nó ocht seachtaine?