Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 April 2015

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Irish Language Education: Discussion

10:00 am

Ms Sorcha Ní Chéilleachair:

Ceapaim gur dhá ceist a cuireadh orainne. Sin é an tagairt don chumas sa dá theangaibh atá ag na cainteoirí dúchais Gaolainne agus chomh maith le sin an tsochaí nó an saol sa Ghaeltacht agus conas é sin a chaomhnú agus mar sin.

Déanann an coimisiún tagairt don taighde a bhfoilsigh COGG ag deireadh na bliana seo caite. Sin taighde a dhein An Dr. Conchúr Ó Giollagáin, Tamás Péterváry, Brian Ó Curnáin agus Jerome Sheahan. Dheineadar taighde ar pháistí óga sa Ghaeltacht idir seacht mbliana agus dhá bliain déag agus dheineadar iniúchadh ar an gcumas a bhí acu sa Ghaeilge agus ar an gcumas a bhí acu sa Bhéarla. Mar thoradh ar an taighde sin, fuarthas amach go raibh cumas níos fearr acu iad féin a chur in iúl sa Bhéarla. Is iad seo leathchéad cainteoirí dúchais ón gceantar Gaeltachta is láidre sa tír agus sin Cois Fharraige agus deisceart Chonamara. Ní caint san aer atá ar siúl againn. Nílimid ag teacht isteach anseo gan aon fhíricí nó gan aon tagairtí. Is fíric é sin. Chuireamar leagan Béarla ar fáil mar chuid den chur i láthair seo bunaithe ar an taighde sin.

Maidir le sochaí na Gaeltachta, táimid ag druidim isteach i gcúrsaí pleanála teangan ansin. Is buzzword mór é an phleanáil teangan sa Ghaeltacht ach táim ag ceapadh go bhfuil tábhacht ag baint leis agus go bhfuil ról an-mhór ag an Roinn Oideachais agus Scileanna sa phleanáil teangan. Bheadh súil againn mar thuismitheoirí go nglacfadh sí páirt sa phróiseas pleanála teangan.